Episode 107
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Rinne an FBI creach ar theach Donald Trump in Palm Beach, Florida Dé Luain. Creidtear go raibh siad ag lorg doiciméid a bhaineann le hAirm Núicléacha. Níl sé soiléir ar tháinig siad ar na doiciméid i gceist. I ndiaidh na creiche dúirt Trump gur ‘weaponisation’ ar an gCóras Dlí Choiriúil a bhí ar siúl ag daoine atá ag iarraidh bac a chur air seasamh sa Toghchán Uachtaránachta arís in 2024. Mar fhreagairt ar an tuairim seo, agus ar an bhfrithfhreagairt ó thacadóirí Trump tá an Roinn Dlí agus Cirt sna Stáit Aontaithe ag iarraidh ar bhreitheamh an bárantas a bhaineann leis an gcreach a fhoilsiú don phobal.
Fuair Olivia Newton-John bás ag aois 73 Dé Luain. Bhí cáil uirthi mar amhránaí agus mar aisteoir. Bhí rath uirthi mar amhránaí ceoil tuaithe, agus dhíol sí na milliúin ceirnín ar fud an domhain. Ach tá an cháil is mó aici as ról Sandy sa scannán Grease agus tháinig athrú mór ar a híomhá le linn an scannáin. D’fhoilsíodh na mílte póstálacha ómóis di ar na meáin chumarsáide óna lucht leanúna agus ó shaol an cheoil agus na scannánaíochta. Fuair Newton-John diagnóis ailse chíche in 1992 agus chaith sí na blianta ó shin mar thacadóir don taighde ailse agus bhunaigh sí an Olivia Newton-John Foundation a thiomsaigh na mílte punt don chúis.
Rith reathaí Sasanach rímharatóin Robert Pope leithead Oileán na hÉireann i níos lú ná 24 uair. Thosaigh sé i gCathair na Gaillimhe ag an bPóirse Spáinneach agus chríochnaigh sé an cúrsa i mBaile Átha Cliath ag Droichead Samuel Beckett, fad 215 ciliméadar laistigh de 23 uair agus 39 nóiméad. Thosaigh Pope le pionta Guinness roimh an rith agus chríochnaigh sé é le ceann eile san ardchathair. Dúirt Pope, atá 44 bliana d’aois, go ndearna sé an cinneadh an rith a dhéanamh ‘on a whim’ agus ní raibh ach dhá mhí aige le traenáil a dhéanamh. D’úsáid sé an rith chun airgead a thiomsú don World Wildlife Foundation.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
creach - raid
frithfhreagairt - backlash
ceirnín - record
aisle chíche - breast cancer
reathaí rímharatóin - ultra-marathon runner
leithead - breadth
Published on 2 years, 4 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate