Episode 103
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
D’fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an méid mionsonra a bhí sna híomhanna. Dúirt an réaltfhisiceoir Dr Amber Straughn go bhfuil siad in ann struchtúir a fheiceáil anois nach bhfuil fiú ainmeacha orthu go fóill. Chomh maith leis sin, is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne.
Tá staid éideandála i bhfeidhm i Srí Lanca agus theith an tUachtarán Gotabaya Rajapaksa go dtí na hOileáin Mhaldíve chun éalú ó lucht agóide sa tír. Thug léirsitheoirí ruathar faoi phálás an Uachtaráin i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí léirsithe ar siúl sa tír le cúpla mí mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta atá acu. De réir na léirsitheoirí, bhí Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Tá Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach ach tá na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur air freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna anois.
Nocht Mo Farah i gclár faisnéise nua an tseachtain seo gur gáinneáladh é go dtí an Ríocht Aontaithe mar shearbhónta tí agus é naoi mbliana d’aois. Dúirt sé nach é Mo Farah a ainm ceart; i ndáiríre Hussein Abdi Kahin is ainm dó. Rugadh i gCríoch Shomáile é agus fuair a athair bás sa chogadh cathartha nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Nuair a tháinig sé go dtí an Ríocht Aontaithe bhí sé ina chónaí le cúpla a chaith go dona leis ach tharrtháil a mhúinteoir corpoideachais é agus bronnadh saoránacht Briotanach air. Dúirt Rialtas na Breataine nach mbeidh aon phionós roimhe de bharr an eolais seo. Dúirt an lúthchleasaí go leanfaidh sé ar aghaidh faoin ainm Mo Farah anois.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
réaltfhisiceoir - astrophysicist
réaltraí - galaxies
léirsitheoirí - demonstrators
eatramhach - interim
gáinneáladh - trafficked
saoránacht - citizenship
Published on 2 years, 5 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate