Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
9 Iúil 2022 (Dún na nGall)

9 Iúil 2022 (Dún na nGall)



Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Bhí seachtain mhíshuaimhneach in Uimhir 10 Sráid Downing i Sasana, nuair a sheol níos mó ná 50 aire parlaiminte litreacha isteach ag rá go raibh siad ag éirí as a bpost. Thosaigh an tuile oíche Dé Máirt leis an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid, tar éis leithscéal á ghabháil ag Boris Johnson faoi phost rialtais a thabhairt do Chris Pincher, fear ar cuireadh líomhaintí mí-iompair ghnéasaigh ina leith. Tráthnóna Déardaoin, d’fhógair Johnson go raibh sé le héirí as a bheith ina Phríomh-Aire leis na focail, “Is ait an mac an saol.” Tá sé ar intinn ag Johnson fanacht sa ról go dtí go roghnófar Príomh-Aire nua.

De réir thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais, ba cheart go dtabharfaí treoirlínte reachtúla nua isteach i mbliana, chun an fhadhb títhíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a réitiú. Tá 22 moladh sa tuarascáil, a dhéanfadh níos éasca do Ghaeilgeoirí tithe a cheannach nó a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Thabharfadh na moltaí tús áite do cainteoirí Gaeilge ar thithe sóisialta, tithe a dhíol do dhaoine ina bhfuil sé mar rún acu cur fúthu sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a labhairt achan lá, cuidiú a thabhairt do chainteoirí Gaeilge tithe a cheannach agus a thógáil le bearta speisialta inacmhainneachta, agus tuilleadh sa bhreis. B’é toradh na moltaí “oidhreacht chultúrtha ar leith agus inbhuanaitheacht na bpobal cuí a chosaint”, de réir an choiste. Tá an tuarascáil le cur os comhair Thithe an Oireachtais.

Sa Phacastáin, tá meannán ann a bhfuil na cluasa is faide ar fud an domhain air, mar a chreideann a úinéir. Is as Karachi é an meannán Simba agus an síolraitheoir gabhar, Mohammad Hasan Narejo. Ba mhaith le Narejo curiarracht dhomhanda Guinness a fháil don mheannán agus é a chlárú mar “an gabhar is fearr ar domhan ariamh” (G.O.A.T.), cé nach bhfuil catagóir ann don ghabhar na gcluas fada go fóill. Don mheannán bocht, is guais tuisle iad na cluasa fada, agus bhí ar Narejo úim speisialta a chruthú dó. Tá Simba ina réalta ar na meáin soisialta agus na cluasa 54 orlaí aige, agus comórtais áilleachta buaite aige.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

líomhaintí mí-iompair ghnéasaigh - allegations of sexual misconduct

inbhuanaitheacht - sustainability

meannán - kid (goat)

síolraitheoir gabhar - goat breeder

guais - hazard

úim - harness


Published on 2 years, 5 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate