Episode 101
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.
I Stáit Aontaithe Mheiriceá, thug Cassidy Hutchinson, iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanair 2021. Tugann a fianaise léargas ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol. Dúirt sí gur chaith Trump a phláta lón i gcoinne an fhalla agus é ar buile, nuair a dúirt an t-Ard-Aighne William Barr go poiblí nach raibh aon fhianaise de chalaois leathan sa toghchán a chaill sé; go raibh a fhios ag Trump go raibh cuid mhaith den slua a tháinig chuig a óráid ar an séú Eanair armtha nuair a dhírigh sé ar an Capitol iad; agus gur chuala sí Mark Meadows, Ceann Foirne an Tí Bháin, ag rá gur cheap Trump go raibh crochadh tuillte ag Mike Pence.
Cothrom an lae seo céad bliain ó shin, bhí Cath Bhaile Átha Cliath ar siúl ag tús an Chogaidh Chathartha. Thosaigh an cath agus an cogadh nuair a thug airm an tSaorstáit faoi na Ceithre Cúirteanna, a bhí faoi fhorghabháil ag na poblachtánaithe frith-Chonartha. Cailleadh ochtó daoine sa chath, cúig shiabhialtach is tríocha ina measc. Scriosadh cuid mhór de Shráid Uí Chonaill, agus mhill an pléascadh is mó a thárla i mBaile Átha Cliath riamh na Ceithre Cúirteanna go hiomlán. Cailleadh go deo an stór doiciméad ríluachmhar tábhachtach do stair na hÉireann a bhí in Oifig na dTaifead Poiblí sa phléascadh.
Tá an teileascóp James Webb ag oibriú anois, ag breathnú níos doimhne sa chosmas ná a d’fhéach an cine daonna riamh. Is iad príomh-aidhmeanna an teileascóip na chéad réaltaí a cruthaíodh i ndiaidh na hOllphléisce a fheiceáil, agus pláinéad i ngrianchóras eile ar a bhfuil atmaisféar oiriúnach don bheatha a aimsiú. Beidh na chéad íomhánna eolaíocha ón teileascóp le fáil i mí Iúil, agus tá réalteolaithe ar fud an domhain ar cipíní ag fanacht orthu.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
iar-sainchabhróir - ex-aide
crochadh - hanging
an Cogadh Cathartha - the Civil War
poblachtánaithe frith-Chonartha - anti-Treaty republicans
an Ollphléasc - the Big Bang
grianchóras - solar system
Published on 2 years, 6 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate