Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
18 Meitheamh 2022 (Baile Átha Cliath)

18 Meitheamh 2022 (Baile Átha Cliath)


Episode 99


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 18ú de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Cuireadh bac ar phleananna rialtas na Breataine lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt go Ruanda. Bhíothas ag súil go ndíbreofaí seachtar teifeach Dé Máirt. Ach, thug cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cásanna deis do dhlíodóirí achomharc a dhéanamh do na sé cinn eile ag an nóiméad deiridh. Déanfaidh an chúirt cinneadh ar dhlíthiúlacht bheartas Ruanda an mhí seo chugainn. Dúirt an Rúnaí Baile, Priti Patel, go leanfadh an Rialtas Briotanach ar aghaidh leis an bpolasaí in ainneoin an rialaithe.

D’aimsigh seandálaithe ceann de na láithreacha adhlactha Angla-Shasanacha is mó riamh in Buckinghamshire an tseachtain seo. Thángthas ar bhreis agus 140 uaigh ar an suíomh atá suite feadh an bhealaigh HS2. Is tionscadal ollmhór é HS2 chun naisc iarnróid ardluais a chruthú idir Londain agus cathracha móra i lár agus i dtuaisceart Shasana. Chomh maith le taisí daonna, aisghabhadh seodra, claimhte, sleánna agus fiú feisteáin sláinteachais ón suíomh.

D’fhógair Seirbhís Slándála na hÍsiltíre go ndearna spiaire Rúiseach iarracht an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a insíothlú. Deirtear gur chaith Sergey Vladimirovich Cherkasov blianta ag cruthú aitheantas bréige sular chuir sé isteach ar intéirneacht ag an ICC sa Háig. Tuairiscítear freisin gur lig Cherkasov air gur Bhrasaíleach darbh ainm Victor Muller Ferreira é, agus gur fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide ar feadh ceithre bliana idir 2014 agus 2018, ag baint amach céim san eolaíocht pholaitiúil. Ghabh oifigigh faisnéise é nuair a shroich sé an Ísiltír. “Oibríocht fhadtéarmach ilbhliantúil a bhí ann a chosain go leor ama, fuinnimh agus airgid,” a dúirt Erik Akerboom, ó ghníomhaireacht faisnéise na hÍsiltíre.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

díbir - deport

dlíthiúlacht - lawfulness

láithreacha adhlactha Angla-Shasanacha - Ango-Saxon burial sites

taisí daonna - human remains

insíothlú - to infiltrate

oifigigh faisnéise - intelligence officers


Published on 2 years, 6 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate