Episode 97
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.
Tá scuainí daoine ag fanacht uaireanta ag aerfort Bhaile Átha Cliath le seachtain anuas, agus chaill thar ceithre chéad déag duine a gcuid eitiltí an deireadh seachtaine seo caite amháin. D’aithin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath gur theip orthu ina ndualgais do phaisinéirí an deireadh seachtaine seo caite, ag tabhairt le fios gurbh í an phríomhfhadhb ná nach raibh acmhainní foirne i bhfeidhm chun déileáil leis an líon daoine a rabhthas ag súil a thiocfadh chuig an aerfort. I measc na saincheisteanna eile a luaigh ceannaire an Lucht Oibre Ivana Bacik mar shampla, tá teip sa bheartas náisiúnta eitlíochta a chinntiú go ndéantar eitiltí a dháileadh go héifeachtach idir aerfoirt na tíre, chun scuainí a bhainistiú. Tháinig an t-aerfort faoi ghrinnscrúdú freisin nuair a dúradh gur bhain an príomhfheidhmeannach úsáid as seiceáil isteach príobháideach, a íocadh mar chostas gnó, chun cuid de na scuainí a sheachaint.
Níos luaithe an tseachtain seo d’aontaigh an tAontas Eorpach le lánchosc ar fhormhór allmhairí ola na Rúise. Mar thoradh ar an lánchosc, atá mar chuid den séú pacáiste smachtbhannaí ag an Aontas Eorpach, gearrfar thart ar nócha faoin gcéad ar allmhairí, méadú ó seachtó cúig faoin gcéad atá i bhfeidhm láithreach. I measc na smachtbhannaí eile a fógraíodh tá toirmeasc ar thrí chraoltóir eile faoi úinéireacht stát na Rúise agus smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair áirithe a bhí páirteach i gcogadh na hÚcráine. D’fhógair an Chomhairle freisin go bhfuil sí ar tí naoi mbilliún euro a dheonú don Úcráin i gcabhair lena hatógáil tar éis an chogaidh. D'fhreagair an Rúis trí ghearradh ar a soláthairtí gáis chuig roinnt tíortha lena n-áirítear an Danmhairg agus an Ghearmáin.
Tá fleadh nua ceoil traidisiúnta saor in aisce darb ainm ‘Smithfield Fleadh’ fógartha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Beidh an fleadh ar siúl ar an ochtú agus an naoú lá déag de mhí an Mheithimh agus beidh raon ceoil agus rince beo ann, sean-nós ina measc. Tá roinnt daoine mór le rá ó shaol an cheoil thraidisiúnta sa chlár, leithéidí Cormac Begley, agus beidh tallann nua Éireannach á léiriú ag an am céanna. Is í an ócáid seo an chéad cheann dá leithéid a reáchtálfar sa Chearnóg agus tarlóidh sí roimh an Fleadh Cheoil a bhfuil aithne níos fearr air, a bheidh ar siúl i mbliana sa Mhuileann gCearr go luath i mí Lúnasa. Tá sé ráite ag Méara Bhaile Átha Cliath faoin bhféile go bhfuil súil aici gur féidir leis an bhféile leanúint ar ais de réir mar a thagann fás ar shaol an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
beartas náisiúnta eitlíochta - national aviation policy
grinnscrúdú - scrutiny
lánchosc - embargo
allmhairí - imports
toirmeasc - prohibition
fleadh - festival
Published on 2 years, 7 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate