Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
7 Bealtaine 2022 (Ciarraí)

7 Bealtaine 2022 (Ciarraí)


Episode 93


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Tá Toghchán Chomhthionól Stormont ar siúl i dTuaisceart na hÉireann. Is iad Sinn Féin an páirtí leis an líon is mó vótaí. Bhaineadar amach 29% de na vótaí céadrogha. Is léir go mbeidh Leascheannaire an pháirtí Michelle O’Neill ina Céad-Aire i dTuaisceart na hÉireann. Is uair stairiúil é mar ní raibh náisiúnach sa ról seo cheana. Bheadh ar Sinn Féin agus Aontachtaithe Uladh obair le chéile chun comhghuaillíocht a bheith i bhfeidhm. Dúirt Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson nach dtoghfar aon cheannaire go dtí go mbeidh an Prótacal socraithe. Ba iad an DUP an páirtí is mó i dTuaisceart na hÉireann ó 2003. Thit an líon vótaí don DUP le 21.3%, sin laghdú 7% ón toghchán deireanach i 2017. Tháinig ardú ar vótaí Pháirtí na Comhghuaillíochta, nó Alliance, le 13.5%.  Sheas 239 iarrthóirí ar fad sa toghchán le ardú de 87 ar mhná ag glacadh páirte.

Sa chathair Mariupol insan Úcráin, tá timpeall 200 daoine fós istigh sa Mhonarcha Cruach Azovstal. Tá iarracht á déanamh den triú huair na daoine a scaoileadh amach go sábháilte. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhfuil saghdiúirí ullamh chun coimirce aistir a thabhairt do dhaoine agus go bhfuil sealbh faighte acu ar Mariupol. Dúirt Uachtarán na hÚcráine go bhfuil airm na Rúise fós ag bualadh an tsuímh agus go bhfuil Reisimint Azov ag troid ina aghaidh. Chuir an Reisimint Azov fís ó dhrón amach ag taispeáint pléascadh ag an monarcha ach níl dáta deimhnithe. Dúradar go bhfuil siad ag troid in aghaidh saighdiúirí na Rúise a tháinig isteach go dtí an suíomh. Ceaptar go bhfuil 20 leanbh i measc na ndaoine fós istigh sa mhonarcha agus go bhfuil bia agus uisce gann. Ar an Domhnach d’éirigh leo roinnt sibhialtach a aslonnú ón áit.

Sna Stáit Aontaithe ceaptar go mbeidh cosc ar chearta ginnmhillte i 26 stát. Tá an rialú Roe v Wade ann ón mbliain 1973, a thugann cearta do mhná ginnmhilleadh a bheith acu go dleathach ar fud na tíre. Faoi láthair tá na cearta sin faoin dlí feidearálach.  Sceitheadh dréacht doiciméid ón gCúirt Uachtarach a leiríonn go bhfuil breitheamh den Chúirt sin ag tacú leis an gcosc. Má iompaíonn an Chúirt Uachtarach é, cuirfidh an dlí cosc nó srianta dian i leith a bheidh tionchar ann ar na milliúin ban. Tá an Páirtí Daonlathach ag déanamh iarrachtaí chun cosaint a dhéanamh ar chearta ginnmhillte ach tá bac ann mar bheadh orthu 60 vóta a fháil sa Seanad atá ina dhá chuid idir Daonlathaithe agus Poblachtaigh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Toghchán Chomhthionól Stormont - Stormont Assembly Election

comhghuaillíocht - alliance, coalition

commerce aistir - safe passage

aslonnú - evacuate

cearta ginmhillte - abortion rights

dlí feidearálach - federal law


Published on 2 years, 7 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate