Episode 89
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a rinne Donald Trump le linn a thréimhse mar uachtarán, is téarma saoil atá i gceist agus féadfaidh an Bhreitheamh Jackson a bheith ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach ar feadh blianta fada mar gheall ar cé chomh óg is atá sí.
Foilsíodh litir phoiblí atá sínithe ag breis agus 1000 duine, ag éileamh cearta teanga i dTuaisceart Éireann tar éis moill eile ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta trí Pharlaimint Westminster, mar a gealladh i mí an Mheithimh 2021. Foilsíodh an litir go hoifigiúil san Irish News Dé Máirt. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg: "Anois ní mór do Rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair. Is comhshínitheoirí iad ar na comhaontuithe uilig go dáta, agus i gcomhar le Rialtas na hÉireann, is iad a scríobh an reachtaíocht don Ghaeilge a foilsíodh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Aithnítear an reachtaíocht sin mar bhunchloch lárnach de chuid an chomhaontaithe sin. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn. Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille,” a dúirt sé.
I mbliana, tá an Ghaeltacht ag teacht go Londain! Ón 29 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine, beidh an Ghaeltacht Chois Tamaise (nó ‘Gaeltacht by the Banks of the Thames’) ar siúl in Camden, deireadh seachtaine tumthach de mheascán imeachtaí, ranganna, PopUp Gaeltacht, agus siúlóid Ghaelach san áireamh. Beidh trí léibhéal de ranganna ar fáil agus tá ticéid le ceannach anois ar EventBrite. Tráthnóna Dé Sathairn an deireadh seachtaine sin, beidh Comhdháil na Breataine ar siúl chomh maith, imeacht hibride a chuireann fáilte roimh dhaoine ar líne agus san fhíorshaol. Is é an dara Comhdháil na Breataine. Is éard atá san imeacht seo ná cruinniú le Gaeil timpeall na Breataine, chun eolas agus léargas a fháil ar conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ar oileán na Breataine Móire. Tá níos mó eolais le feiceáil ar an leathanach Facebook, @cnag.ldn.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Cúirt Uachtarach - Supreme Court
dearcthaí polaitiúla - political views
comhshínitheoirí - co-signatories
scrúdú litmis - litmus test
deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend
imeacht hibride - hybrid event
Published on 2 years, 8 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate