Episode 87
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.
Thuairteáil eitleán a bhí ag iompar céad tríocha a dó duine i ndeisceart na Síne Dé Luain. Ní bhfuarthas aon mharthanóirí go dtí seo, de réir údaráis na Síne. Ar an gCéadaoin fuair siad an bosca dubh, is féidir é a úsáid chun tuiscint a fháil ar chúis na timpiste. Boeing 737 ab ea an t-eitleán agus bhí sé á chur ar fáil ag an aerlíne China Eastern Airlines ag an am. Tharraing an timpiste aird freisin tar éis do dhá cheann de mhúnla 737 eile Boeing, an 737 Max, tuairteáil sa bhliain fiche a hocht déag is fiche a naoi déag. Múnla difriúil é an t-éitleán seo, ceann de na heitleáin phaisinéirí is coitianta ar domhan.
Bhí rásaí Cheltenham ar siúl an tseachtain seo caite, agus ba í an jacaí Rachael Blackmore an chéad bhean a bhuaigh an Corn Óir. Ba í Rachel an chéad bhean freisin a bhuaigh an Champion Hurdle agus an Grand National an séasúr seo caite. Bhí sí ag marcaíocht ar chapall darbh ainm A Plus Tard, an capall céanna ar a raibh sí le linn an rása anuraidh, cé gur bhuail Jack Kennedy í sa deireadh san iomaíocht don chéad áit. An deireadh seachtaine seo caite freisin cuireadh deireadh le comórtas na Sé Náisiún, chaill Éire i gcoinne na Fraince in ainneoin líon is mó na n-úd a bhí acu riamh, fiche ceathair.
D’fhoilsigh lucht acadúil ó Pheiriú agus ó Chicago páipéar an tseachtain seo ina n-áitítear go bhfuil mí-ainm tugtha ar Machu Picchu, ceann de na suíomhanna seandálaíochta is cáiliúla ar domhan. Bunaithe ar a n-athbhreithniú ar léarscáileanna iomadúla, doiciméid ón seachtú haois déag agus nótaí allamuigh ón taiscéalaí Hiram Bingham, éilíonn siad nach bhfuil an t-ainm Macchu Picchu le feiceáil in aon ábhair ábhartha. Ina ionad sin thug na háitritheoirí Inca Huayna Picchu ar an suíomh, is é sin an t-ainm atá ar an sliabh os cionn an tsuímh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
múnla - make, model
marcaíocht - riding
úd - try (rugby)
mí-ainm - wrong name
suíomhanna seandálaíochta - archaeological sites
taiscéalaí - explorer
Published on 2 years, 9 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate