Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge
*
Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.
Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbliana ina dhiaidh, in 1967. Deir an iarsmalann Victoria and Albert go n-athchruthaítear an t-íomhá níos minice ná aon íomhá eile i stair na grianghrafadóireachta, agus leaganacha déanta i bpéint, i bprionta, go digiteach, ar éadaí, tatúnna agus beagnach gach meán eile atá ar fáil. Rinne ealaíontóir Éireannach darbh ainm Jim FitzPatrick an chéad dearadh den phóstaer stílithe cáiliúil den íomhá i ndubh agus dearg. Tá aitheantas ag an íomhá ar fud an domhain, i ngach teanga agus deir saineolaí nach bhfuil siombail ar bith cosúil leis sa stair. Tá leabhair agus cláir faisnéise bunaithe ar an íomhá chomh maith.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
réabhlóidí - revolutionary
cuimhneachán - commemoration
aitheantas - recognition
Published on 2 years, 9 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate