Episode 84
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huachtaránachta. Tá comparáid déanta ag tráchtairí eile idir Putin féin agus Hitler, agus cogadh talún tosaithe aige san Eoraip. Ní féidir an focal ‘ionradh’ a chur ar an cogadh taobh istigh den Rúis ar mbaol géibhinn, agus dúnadh stáisiúin raidió agus teilifíse shaora dheireanacha na Rúise an tseachtain seo as sin a dhéanamh. Tá an-mheas buaite ag muintir na hÚcráine ar fud an domhan as a seasamh láidir i gcoinne an ionraidh, faoi cheannasaíocht chróga a n-Uachtarán Volodymyr Zelenskyy, agus seans go bhfuil an cogadh straitéiseach caillte ag an Rúis cheana. Tá iarratas ballraíochta ar an Aontas Eorpach déanta ag an Úcráin agus an tSeoirse; agus mar gheall ar an t-uafás roimh an ionradh ar fud an domhain, tá na smachtbhannaí eacnamaíochta, cultúrtha agus spóirt is láidire riamh curtha ar an Rúis, agus a mbainc caite amach as an gcóras idirnáisiúnta, an banc ceannais ina measc, rud nach bhfacthas roimhe seo. Tá seans go bhfágfaidh na smachtbhannaí geilleagar na Rúise in anchaoi; acht faoi láthair tá daoine ag básadh agus cathracha á scriosadh san Úcráin.
I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá an coiste comhdháile atá ag déanamh fiosrúchán ar an ionsaí ar an Capitol tar éis an toghcháin anuraidh i ndiaidh cúiseamh comhcheilge coiriúla a chur ar Donald Trump. Rinne Trump achomharc agus is cosúil go gcuirfear moill ar an bpróiseas anois agus nach mbeidh air teistíocht a dhéanamh go luath. Do mhol Trump Vladimir Putin faoi thrí le gairid, mar fhear an-cliste, ag tús an ionraidh ar an Úcráin, acht ansin cháin sé an marú atá ar siúl, gan ainm Putin a lua.
Agus in Éirinn, tharla Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite i nGaillimh, an chéad cheann san fhíorshaol ó tháinig COVID ar an domhan. Toghadh Paula Melvin mar Uachtarán an Chonartha, an tríú bean riamh. Seoladh Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil san ionad siopadóireachta An Fhaiche Mhór; agus bronnadh duais ar Uachtarán na hÉireann ag dinnéar speisialta Dé Sathairn. I mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, tharla an chéad PopUp Gaeltacht ó thús na paindéime, agus an teach tábhairne plódaithe leis na céadta Gaeilgeoirí.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ionradh - invasion
dínaitsíú - denazification
ball géibhinn - danger of imprisonment
cúiseamh comhcheilge coiriúla - criminal conspiracy charge
teistíocht - deposition, testimony
Published on 2 years, 9 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate