Episode 78
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tharla sochraid Ashling Murphy sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí Dé Máirt. Dúnmharaíodh í in ionsaí gránna i lár an lae, nuair a raibh sí amuigh ag rith in aice na canála. Bhí sí fiche trí bliain d’aois. Tháinig ná sluaite amach ina cuimhne, i ndlúthpháirtíoch lena muintir, agus i gcoinne foiréigean ar an mná, ar fud na hÉireann agus trasna an domhain. Tá fear gafa ag na gardaí ar chúiseamh dúnmharaithe.
Bhí brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga. Ghin an brúchtadh tsunami a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar. Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami tá na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Tá an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt arís, acht tá díospóireacht ar siúl in Tonga idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choiméad amuigh.
Bhí bua mór ag foireann peile na nOileán Comóra i gcoinne Gána i gCraobh Náisiúin na hAfraice an tseachtain seo. Le foireann óna diaspora, tá siad ag glacadh páirt sna cluichí ceannais den chéad uair, agus, ina gcluiche deireanach sa ghrúpa, fós lena gcéad chúl nó pointe á lorg acu. Fuair siad trí chúl sa chluiche, in aghaidh a dó ag Gána, an buaiteoir le cúig nóiméad fágtha. Agus tar éis torthaí i ngrúpaí eile, tá áit bainte amach ag Oileáin Chomora sa chéad bhabhta eile. Les Ceolacanthes an leasainm atá orthu, mar gheall ar na seanéisc shuimiúla atá ina gcónaí amuigh ó na hoileáin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
sochraid - funeral
ar chúiseamh dúnmharaithe - on a charge of murder
brúchtadh pléascach - explosive eruption
tonn turrainge - shock wave
splanc thintrí - flash of lightning
faoi brat luatha - under a layer of ash
Published on 2 years, 11 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate