Episode Details

Back to Episodes
10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)

10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)

Published 4 days, 12 hours ago
Description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread.

I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi.

Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

costais mhaireachtála - living costs

bochtaineacht leanaí - child poverty

fothoghchán - by-election

díospóireacht - debate

feiniméin aimsire - weather phenomenon

teocht dromchla - surface temperature

Listen Now

Love PodBriefly?

If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Support Us