Episode 12
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 17ú (seachtú lá déag) de mhí Dheireadh Fómhar. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Dé Máirt, fógraíodh Buiséad 2021 in Éirinn, an buiséad is mó a chonaic an tír riamh. Tá €17.75 billiún le caitheamh ag an rialtas agus leath den iomlán ar chursaí a bhaineann le tacaíochtaí coróinvíris. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gurb é an t-am ceart le léibhéal mullaigh de thacaíocht an Bhuiséid. Tá €14 mhilliún sa bhreis (ardú 23%) curtha ar fáil don Ghaeltacht agus cursaí Gaeilge, agus €4 bhilliún sa bhreis don earnáil sláinte.
Sna míonna a leanas, beidh ar na hiarsmalanna Ollanacha a mbailiúcháin a athbhreithniú. Tar éis tuairisce a scríobh, d’ordaigh an rialtas do na hiarsmalanna go gcaithfidh siad pictiúir atá ceangailte le stair na coilíneachta sa tír a aimsiú agus na saothair ealaíne a thabhairt ar ais chuig a dtíortha dúchasacha. Dúirt stiúrthóir an Rijksmuseum go mbeadh fáilte chuig struchtúr foirmiúil chun na saothair a chur ar ais.
Thaistil an roicéad Soyuz Rúiseach ón Domhan go dtí an Stáisiún Spáis Idirnaisiúnta ar luas lasrach, ag críochnú a thurais i dtrí uaire agus trí nóiméad. Bhí beirt spásaire ón Rús agus aon spásaire NASA amháin ar bord an roicéid. Roimh a heitilt, dúirt an Dochtúir Rubins, “Tá comhphairtíocht dochreidte againn.” Tá plean ag NASA agus Roscosmos comhphairtíocht roinnt-eitilte a leanúint agus tá comhráití ag dul ar aghaidh, a dúirt urlabhraí Roscosmos.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
tacaíochtaí - supports
leibhéal mullaigh - record level
an earnáil sláinte - the health sector
iarsmalanna - museums
bailiúcháin - collections
saothair ealaíne - works of art
ar luas lasrach - at lightning speed
comhphairtíocht roinnt-eitilte - flight-sharing partnership
Published on 4 years, 2 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate