Episode 76
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtó lá de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Ar Lá na Bliana Úire, i ndiaidh feachtas fada, tugadh lánstádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Ba mheán oíche ar an 31ú Nollaig an uair a chríochnaigh maolú a bhí ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuireann an t-athrú seo an teanga ar comhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus ghlac Gaeilgeoirí na hÉireann an t-éacht seo mar éacht suntasach. Síltear go mbeadh méadú 70% ar an mhéid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún ó seo amach. Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, gurb í an bhliain seo 2022 an bhliain le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga.
Tá reacht úr curtha i bhfeidhm i bPoblacht na hÉireann a chuireann íosteorainn ar an phraghas ar a ndíoltar alcól. Ní cheadaítear buidéal caighdeánach fíona a dhíol ar phraghas níos ísle ná €7.40, nó canna beorach níos lú ná €1.70. Dúirt An tAire Sláinte, Stephen Donnelly, gur cruthaíodh an reacht chun tinneas agus básanna bainte le handúil san alcól a isliú. Moladh do pholaiteoirí Stormont dlí comhchosúil a chur i bhfeidhm sa tuaisceart, ach tá meon an phobail scoilte, agus daoine ag rá nach gcuideoidh an dlí úr seo leis an fhadhb atá againn leis an alcól, muna bhfuil tacaíocht cheart agus seirbhísí eile ar fáil fá choinne daoine a bhfuil andúil san alcól acu.
Chuir Carrie Lam, ceannaire Hong Cong, cosc ar eitiltí ag teacht isteach sa tír ó ocht dtír an tseachtain seo. Mairfidh an cosc coicís. Ní bheidh cead teacht isteach ag eitilití ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada, ón Astráil, ón Phacastáin, ó na hOileáin Fhilipíneacha, ón Fhrainc, agus ón India. Tá beartas “nialas-Covid” ag Hong Kong, agus tá an cosc seo ar cheann de na srianta nua atá curtha i bhfeidhm ag an tír beagnach dhá bhliain i ndiaidh thús na pandéime. Tá na srianta nua seo sa tír ar na cinn is déine ar domhan faoi láthair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
lánstádas oifigiúil - full official status
éacht - achievement
íosteorainn - lower limit
andúil - addiction
cosc - ban
nialas - zero
Published on 2 years, 11 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate