Episode Details
Back to Episodes20260411_IRISH__imhsuite,_scuaini,_tranglam_trachta_ar_an_4u_la_den_agoid_breosla
Published 5 months ago
Description
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/24yy296s
Contact: irishlingos@gmail.com
Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest.
Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla.
There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State.
Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát.
Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight.
Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht.
This has already happened to hundreds of others, in the south and west.
Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar.
There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate.
Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán.
Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them.
De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid.
An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port.
Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe.
Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East.
Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear.
And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored.
Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d'fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart.
In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards.
Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair.
This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles.
Ar mhaithe le soláthar d'fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun.
Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet.
Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d'ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós.
But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters.
Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde.
People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blo...