Episode Details
Back to Episodes20260406_IRISH__an_file_gabriel_rosenstock_basaithe
Description
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/252unhu8
Contact: irishlingos@gmail.com
Poet Gabriel Rosenstock has died.
An file Gabriel Rosenstock básaithe.
Poet and writer Gabriel Rosenstock has died at the age of 76.
Tá an file agus scríbhneoir Gabriel Rosenstock tar éis bháis agus é 76 bliain d’aois.
His family confirmed his death this evening in a statement about “an international poet who brought many of the world’s great writers to the attention of Irish language readers“.
A chlann a dheimhnigh a bhás tráthnóna i ráiteas faoi “fhile idirnáisiúnta a chuir go leor de mhórscríbhneoirí na cruinne faoi shúile lucht léitheoireachta na Gaeilge”.
He believed “in the power of poetry” they said “and in the ability of poetry to build bridges between cultures”.
Chreid sé “i gcumhacht na filíochta” a dúirt siad “agus i gcumas na filíochta droichead a thógáil idir cultúir”.
“He was a prolific and restless soul who published over 400 books.”
“Anam torthúil agus corrach a bhí aige a d’fhoilsigh breis is 400 leabhar.
We will miss him, all of us who knew him and read his writing.
Aireoidh muid uainn é, iad siúd go léir a raibh aithne againn air agus a léigh a chuid scríbhneoireachta.
“At the right hand of God, may his soul rest in peace.”
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”
Gabriel Rosenstock spoke for several weeks to the Irish Independent and Raidió na Gaeltachta – speaking with his broadcaster son Tristan on the programme “The Man Who Was Never Born” – about his cancer which had spread, the treatment which was no longer working and his acceptance before his death.
Labhair Gabriel Rosenstock le roinnt seachtainí leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta – ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár “An fear nár saolaíodh riamh” – faoin ailse a bhí air a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás.
Listen Now
Love PodBriefly?
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Support Us