Episode Details
Back to Episodes20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai
Description
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2crqp59b
Contact: irishlingos@gmail.com
Trump threatens to bomb Iran.
Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí.
In a televised speech last night, US President Donald Trump claimed that American military forces in Iran had almost achieved all of their objectives.
In óráid teilifíse a thug sé uaidh aréir, mhaígh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh a gcuid cuspóirí ar fad nach mór bainte amach ag fórsaí míleata Mheiriceá san Iaráin.
Nevertheless, Trump said, the Americans will continue to bomb and destroy Iran until that country is “back in the stone age again”, as he put it.
Ina dhiaidh sin féin, arsa Trump, leanfaidh na Meiriceánaigh orthu ag buamáil agus ag bánú na hIaráine nó go mbeidh an tír sin “ar ais sa chlochaois arís”, mar a dúirt sé.
He indeed threatened that the bombing would intensify in the next two or three weeks.
Bhagair sé go deimhin go ngéarófaí ar an mbuamáil as seo go ceann coicíse nó trí seachtaine.
All that offensive rhetoric from Trump despite the fact that the American people – or at least a large portion of them – are sick and tired of his proclivity for war, if the latest polls are true.
An rá mata oilbhéasach sin ar fad ó Trump in ainneoin bhunáite mhuintir Mheiriceá – nó cuid mhór díobh ar an gcuid is lú de – a bheith tinn tuirseach den luiteacht atá aige le cogaíocht, más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí.
A card game is Trump’s favorite game, apparently, or at least the one he talks about most often.
Cluiche cártaí an tsamhail is ansa le Trump, de réir dealraimh, nó is minice óna bhéal ar chuma ar bith.
“We have all the cards“, he said last night, “and none of them (the Iranians)”.
“Is againne atá na cártaí uile“, a dúirt sé aréir, “agus gan oiread agus ceann acusan (na hIaránaigh)”.
However, international markets have turned a blind eye to Trump’s remarks and have not respected his own ‘one Trump’, as Brent crude oil prices rose to $108.15 a barrel this morning – a 7% increase from yesterday.
Ar a shon sin, is ‘súil na muice’ a chaith lucht na margaí idirnáisiúnta ar reacaireacht Trump agus gan meas ‘an aoin truif’ féi