Episode Details

Back to Episodes
14 Márta 2026 (Maigh Eo)

14 Márta 2026 (Maigh Eo)

Published 2 days, 23 hours ago
Description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei.

I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir.

Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d’aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Caolas Hormuz - the Strait of Hormuz

geilleagar an domhain - the global economy

d'aon ghnó - on purpose

Seirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Service

eagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisation

Ard-Mhaor - Grand Marshal

Listen Now

Love PodBriefly?

If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Support Us