Episode Details

Back to Episodes
31 Eanáir 2026 (Luimneach)

31 Eanáir 2026 (Luimneach)

Published 17 hours ago
Description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.

Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha ar saoire ó shin. Mar sin féin, leanann an marú roinnt maruithe agus gabhálacha eile ag na gníomhairí agus spreag sé agóidí sa stát. Gabhadh roinnt léirsitheoirí ag na hagóidí seo ansin. Bhí ionsaí ann freisin ar ionadaí Daonlathach in Minnesota, Ilhan Omar, a bhí ag labhairt ar an ábhar deireadh a chur le ICE, chomh maith le coimhlintí poiblí idir Donald Trump agus méara Minnesota. Dúirt an méara gurb é jab na bpóilíní daoine a choinneáil slán, ní dlíthe inimirce feidearálacha a fhorfheidhmiú.

Tá Matt Damon, réalta an scannáin The Rip, tar éis trácht a dhéanamh in agallamh le déanaí ar chur chuige Netflix i leith déanamh scannán. Dúirt an t-aisteoir go bhfuil Netflix ag déanamh rudaí níos simplí ionas gur féidir iad a thuiscint agus lucht féachana ag scrolláil ag an am céanna ar a bhfóin phóca. De réir an aisteora, déantar plotaí a athmhíniú trí nó ceithre huaire anois, tar éis brú ón gcraoltóir. Dúirt sé freisin go raibh brú ann chun cuid de na príomhradhairc aicsin a chur níos luaithe sa scannán chun aird lucht féachana a ghabháil níos luaithe sa scannán. Beidh Damon le feiceáil sa leagan nua de sheaneipic na Gréige An Odaisé níos déanaí i mbliana, ach níorbh iad Netflix a léirigh an scannán seo.

Fuair suirbhé amach go gcreideann beagnach duine as gach deichniúr Éireannach idir ocht mbliana déag agus naoi mbliana is fiche d'aois gur miotas é an t-uileloscadh, agus creideann naoi déag faoin gcéad eile go bhfuil scála na heachtra áibhéalach. Dúirt seasca a ceathair faoin gcéad de dhaoine fásta gur cheap siad go bhféadfadh rud éigin cosúil leis an uileloscadh tarlú arís na laethanta seo. Ó eisíodh an suirbhé, tá an Taoiseach tar éis cáineadh a dhéanamh ar na leibhéil an-lag feasachta faoin uileloscadh. Dúirt Michael Martin gurbh é an t-uileloscadh an choir is soiléire a doiciméadaíodh i stair an domhain agus go gcaithfear cur i gcoinne an leibhéil seo aineolais agus séanta. Dúirt sé go mbeadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair chun clár oideachais a fhorbairt. Idir an dá linn, tá feachtas conspóideach ar siúl chun Páirc Herzog i Ráth Garbh, atá ainmnithe as iar-uachtarán Iosraelach a tógadh i mBaile Átha Cliath, a athainmniú, mar gheall ar ionradh Iosrael ar Stráice Gaza.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gníomhairí - agents

ionadaí - representative

trácht - comment

craoltóir - broadcaster

an t-uileloscadh - the holocaust

áibhéalach - exaggerated

Listen Now

Love PodBriefly?

If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Support Us