Episode Details
Back to Episodes
17 Eanáir 2026 (An Clár)
Description
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoirí le leanúint leis an agóidíocht agus gheall sé go mbeadh cabhair ag teacht go luath, ach níor thug sé sonraí cruinne faoin gcabhair san. Dúirt sé ar dtús go mb’fhéidir go mbeadh cainteanna idir ionadaithe ó na Stáit Aonaithe agus ón Iaráin, ach chuir sé na cainteanna san ar ceal go dtí go mbeadh
deireadh curtha leis an slad sa tír. Cuireadh athlá ar shearmanas oifigiúil in Áras an Uachtaráin Dé Máirt ina mbronnfaí a chuid litreacha creidiúna ar ambasadóir nuacheaptha na Iaráine. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachrachta gur dheineadar an cinneadh toisc go mbeadh sé “míthráthúil” an searmanas a óstáil agus an cíor
thuathail ar siúl san Iaráin fé láthair.
Tá X, an t-ardán meán sóisialta de chuid Elon Musk, tar éis conspóid mhór a tharraingt le déanaí maidir lena aip intleachta saorga, Grok, toisc go bhfuil daoine ábalta é a úsáid chun íomhánna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne, íomhánna de linbh san áireamh. Dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth, atá freagach as cúrsaí a bhaineann le hintleacht shaorga, go mbeadh sí sásta cosc iomlán a chur ar Grok mura gcuirfidís stop ar an ngné so den aip. Ansan, maidin Déardaoin, d’fhógair X
nach mbeadh daoine ábalta na híomhánna graosta so a chruthú níos mó i dtíortha ina bhfuil a leithéid mídhleathach. Tá imní fós ann, áfach, go mbeadh daoine in ann an geobhac so a sharú le VPN.
Tá an t-amhránaí cáiliúil as Corcaigh, Seán Ó Sé, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt, trí lá roimh a bhreithlá. Bheadh sé 90 bliain d’aois. Bhain sé cáil amach mar gheall ar an amhrán Gaelach, ‘An Poc ar Buile’, amhrán faoi phoc a thugann rabhadh do mhuintir Chill Orglan nuair a fheiceann sé fórsaí Cromwell ag teacht i
dtreo an bhaile. Thaifead Seán an t-amhrán in 1962 agus bhí iontas air nuair a bhí ana-ráchairt ar an amhrán. Fuair sé an leasainm, ‘An Pocar’, dá bharr. Bhí sé páirteach sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann – faoi cheannas Sheáin Uí Riada – sna
seascaidí agus chuaigh sé ar camchuairt ar fud an domhain le Gael Linn agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith. Ar dheis Dé go raibh a anam.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
leirsitheoirí - demonstrators
litreacha creidiúna - credentials
íomhánna graosta - lewd images
geobhac - geoblock
poc - billy goat
ráchairt - demand