Episode Details

Back to Episodes
3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)

3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)

Published 1 week, 2 days ago
Description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb’fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach.

Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d’Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/

Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fiosrú - investigation

íospartach - victim

craoltaí - broadcasts

aitheasc - address (speech)

boilsciú - inflation

díluacháil - devaluation

Listen Now

Love PodBriefly?

If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Support Us