Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes

20251231_IRISH__trump_ag_fogairt_ar_hamas_a_gcuid_arm_a_chur_de_laimh





Original Podcast with clickable words

Contact: irishlingos@gmail.com

Trump announces Hamas must lay down its weapons.

Trump ag fógairt ar Hamas a gcuid arm a chur de láimh.

US President Donald Trump has warned Hamas in Gaza to immediately hand over their weapons – or they will pay dearly, he said.

Tá fógra tugtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump do Hamas in Gaza a gcuid arm a chur de láimh gan mhoillé sin nó íocfaidh siad go daor as, arsa sé.

Trump claimed that the Israelis had fulfilled their promises so far regarding the ceasefire in Gaza and said that it was now up to Hamas to do the same.

Mhaígh Trump go raibh a gcuid gealltanas comhlíonta ag na hIosraelaigh go dtí seo maidir leis an sos comhraic in Gaza agus dúirt gur ar Hamas a bhí sé anois déanamh amhlaidh.

Trump was speaking at a press conference in Florida after a meeting he had with Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu there yesterday.

Ag labhairt ag preasócáid in Florida a bhí Trump tar éis cruinniú a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu ansin inné.

Hamas had said earlier yesterday that they had no intention of handing over their weapons.

Bhí sé ráite ag Hamas níos túisce inné nach raibh lá rúin acu a gcuid arm a chur de láimh.

Trump is said to be excited about implementing the next part of his own plan for what’s to come for Gaza, which is to install a “technocratic” Palestinian government there with the support of an international military force.

Deirtear go bhfuil Trump ar bís leis an gcéad chuid eile dá phlean féin maidir lena bhfuil i ndán do Gaza a chur i bhfeidhm, is é sin rialtas “teicnealathach” Palaistíneach a chur i gcumhacht ann le tacaíocht ó fhórsa míleata idirnáisiúnta.

At the same press conference, with Netanyahu at his side, Trump said he would thwart any new attempt by Iran to develop nuclear power or produce ballistic missiles.

Ag an bpreasócáid chéanna, agus Netanyahu lena thaobh, dúirt Trump go gcuirfeadh sé ó mhaith aon iar


Published on 5 hours ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate