Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
22 Samhain 2025 (Luimneach)

22 Samhain 2025 (Luimneach)



Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey.

Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas an Rúis agus an tSín, a staon ón vóta, vótáil na tíortha eile go léir i bhfabhar an rúin. Dhiúltaigh Hamas dó, áfach, iad ag rá go gcruthaíonn sé páirtí eile sa choinbhleacht agus go bhforchuireann sé caomhnóireacht ar Stráice Gaza. Cruthaíodh comhlacht ar a dtugtar an Bord Síochána freisin, a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar atógáil Gaza agus ar sheachadadh cabhrach daonnúla. Dúirt Trump gur “stairiúil” vóta na Comhairle Slándála agus meastar go mbeidh sé ina chathaoirleach ar an mBord Síochána.

Chonacthas long spiaireachta Rúiseach amach ó chósta na hAlban an tseachtain seo, agus í ar a bealach i dtreo uiscí atá faoi smacht na hÉireann, agus geallann an Ríocht Aontaithe freagairt mhíleata dá n-aistreodh sí níos faide ó dheas. Is cosúil go bhfuil an long, ar a dtugtar an Yantar, in ann cur isteach ar cháblaí fomhuirí. Chonacthas an long ag seoladh síos Muir Éireann roimhe seo freisin, nuair a bhí long chabhlaigh agus aerárthach Éireannach á leanúint. Meastar an uair seo mar ardú céime, áfach, mar a fuarthas amach go raibh an long ag díriú léasair ar phíolótaí RAF a seoladh chun faireachas a dhéanamh. Ar an láimh eile, tá ambasáid na Rúise sa Ríocht Aontaithe tar éis cúiseamh a thabhairt do rialtas na Breataine as histéire mhíleata a chothú.

Tá an tionscal ceoil ag agóidíocht níos mó i gcoinne na hintleachta saorga de réir mar a mhéadaíonn a húsáid sna meáin phríomhshrutha. Shroich rian na hintleachta saorga, walk my walk, uimhir a haon i gcairt díolacháin dhigiteacha fógraí sna Stáit Aontaithe. Fuair an t-ardán sruthaithe Deezer amach freisin go ngineann an intleacht shaorga thart ar tríocha a ceathair faoin gcéad d’uaslódálacha laethúla. Tá Paul McCartney ar dhuine de na ceoltóirí is déanaí atá ag teacht amach i mbun agóide agus rian beagnach go hiomlán ciúin eisithe aige. Tá sé seo mar chuid d'fheachtas níos leithne chun cosc a chur ar algartaim a oiliúint ar cheol atá ann cheana féin gan aon dleachtanna a íoc. I measc na gceoltóirí eile atá páirteach cheana féin tá Kate Bush agus na Pet Shop Boys.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta - International Stabilisation Force

caomhnóireacht - guardianship

long spiaireachta - spy ship

histéire mhíleata - military hysteria

sna meáin phríomhshrutha - in the mainstream media

dleachtanna - royalties


Published on 4 days, 20 hours ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate