Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
1 Samhain 2025

1 Samhain 2025



Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.

Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le trí
seachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D’éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.

Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítear
comórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d’oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas ag
tarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

spéirling - hurricane

Muir Chairib - the Carribean Sea

ionsaithe buamála - bombing attacks

síocháin leochaileach - fragile peace

taibhealaíona - performing arts

Uachtarán tofa - President-elect


Published on 1 day, 8 hours ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate