Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes

20251030_IRISH__trump_ag_maiomh_as_comhaontu_nua_leis_an_tsin





Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23h3hh5p

Contact: irishlingos@gmail.com

Trump touting a new deal with China.

Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín.

US President Donald Trump said he and Chinese President Xi Jinping reached a significant trade agreement in a meeting the two men held in the South Korean city of Busan.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas.

Trump said he agreed to reduce tariffs on Chinese goods from 47% to 57% in exchange for a promise from Xi that China would resume buying soybean products from the United States, that China would continue to supply rare earth minerals to the international market, and that China would do more to prevent the production of the drug fentanyl in that country.

Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47 faoin gcéad go 57 faoin gcéad mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc.

Trump is very proud of that and said it was a “great meeting.”

Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur “cruinniú iontach ar fad” a bhí ann.

Xi made a more moderate statement after the meeting, then.

Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea.

According to him, “representatives of the two countries reached an agreement on the best way to address important economic and trade issues” and “it was now important to finalize the details and implement what had been agreed”.

Dar leisean gur “tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála” agus “nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm”.

Trump and Xi met at a summit of Pacific leaders and the talks between the two reportedly lasted two hours.

Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt.

Above all else, the Americans want to solve the issue of rare earth minerals because China, more than any other country, has the most of them.

Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil.

The discussions between Trump and Xi focused on economic and trade matters and did not appear to discuss contentious political or military issues.

Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata.

Trump said that the fate of Taiwan, for example, was not mentioned, and it seems that not a syllable was said about the new military agreement between the


Published on 17 hours ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate