Episode Details
Back to Episodes
Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt
Description
Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana.
Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe.
Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla.
Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu.
Foclóir:
Ionchúisitheoir: Prosecutor
Máguaird: Environs
Cúiseamh: Charge
Neamhchiontach: Innocent
Cinneadh: Decision
Cloí: Abide by
Trídhathach: Tricolour
Slad: Plunder
Míchuí: Inappropriate
Cosc: Ban
Camchuairt: Tour
See omnystudio.com/listener for privacy information.