Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/24vspuan
Contact: irishlingos@gmail.com
Concerns about Loyalist violence over bilingual signage.
Imní faoi fhoréigean Dilseoirí faoi chomharthaíocht dátheangach.
Conradh na Gaeilge says the threats made by Loyalist paramilitaries at the weekend that Belfast City Council property will be destroyed if it has bilingual signage are a cause for great concern.
Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu.
In an open letter from Conradh na Gaeilge and the Leaders of the Parties and the City Council, the League says that it is a cause for concern for everyone who supports the Irish language and equality in general.
I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile.
The threat has been condemned by Ulster Unionist leader Mike Nesbitt.
Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt.
A draft Irish language policy agreed by the Council would mean that Irish and English would be more prominent and side by side on all Council publications and property.
Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle.
But since the policy was adopted last Wednesday the UDA and UVF have threatened to destroy any property bearing the signage.
Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu.
These paramilitary organisations told the Sunday Life newspaper that they would burn down Council vehicles and buildings if Irish was visible on them.
Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu.
Conradh na Gaeilge called on party leaders in Stormont to condemn the threat.
D’iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh.
Irish Language Commissioner The new Irish Language Commissioner will be responsible for implementing the Identity and Language Act.
Coimisinéir na Gaeilge Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm.
Yesterday on the X platform, the person nominated but not appointed to that position, Pól Deeds, said that the threat from the UDA and UVF is a result of the promotion of bigotry in the media – in particular, he said, the BBC.
Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin – go háirithe a dúirt sé an BBC.
Published on 3 weeks, 2 days ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate