Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
3 Deireadh Fómhair 2020 (Gaillimh)

3 Deireadh Fómhair 2020 (Gaillimh)


Episode 10


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Ella Hassett.

Tá an tAontas Eorpach tar éis cás dlí a thabhairt in aghaidh na Breataine mar gheall ar bhille trádála inmheánaigh . De réir an Aontais Eorpaigh, briseann an bille dlí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí Thuaisceart na hÉireann. Chuir an tAontas Eorpach litir fhoirmiúil chuig Rialtas na Breataine inniu mar chéad chéim sa phróiséas dlí. D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, gur thóg siad an chéim sin mar gur theip ar Rialtas na Breataine ina dhualgas gníomhú “le dea-thoil”. Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na hÉireann agus teachta-dála Neale Richmond gur trua mór é ach go raibh an ceart ag an Aontas Eorpach an cás sin a thabhairt.

D’fhógair an comhlacht taistil náisiúnta, Bus Éireann, go mbeidh sé ag cur deireadh le seirbhísí luasbhealaigh áirithe. Tá na seirbhísí seo idir Baile Átha Cliath agus cathracha Chorcaí, Luimnigh agus na Gaillimhe. Deir sé go dtiocfaidh deireadh leis na seirbhísí sin go luath sa bhliain 2021. Mar gheall ar Covid-19, thit líon na bpaisinéirí a úsáideann na seirbhísí sin ó mhí an Mhárta. I mí an Mhárta, cuireadh deireadh leis an tseirbhís X51 idir Gaillimh agus Luimneach freisin. Deir Bus Éireann nach gcaillfidh aon tiománaí a phost mar gheall ar na hathruithe sin, mar go dteastaíonn tiománaithe uaidh ar sheirbhísí eile.

Bronnadh an bonn óir PDSA ar fhrancach Afraiceach in onóir a chuid oibre le mianaigh thalún sa Chambóid. Is francach ollmhór Afraiceach é Magawa, a fuair amach naoi mianach talún is tríocha leis an gcumann carthanachta APOPO. I rith a shlí bheatha, ghlan Magawa níos mó ná céad is daichead míle méadar nó fiche páirc pheile. Thóg an PDSA bonn beag bídeach do Magawa, a chaitheann sé ar a chuid éadaí agus é ag obair. Caitheann sé leathuair amach sa pháirc gach lá ag bolú na talún chun na ceimiceáin a fháil amach. Meastar gur cuireadh idir ceithre agus sé milliún mianach talún sa talamh sa Chambóid idir 1975 agus 1998.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.

*

GLUAIS

bille trádála inmheánaigh - internal market bill

dualgas - duty

seirbhísí luasbhealaigh - express services

bonn óir - gold medal

mianach talún - landmine



Published on 4 years, 2 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate