Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha)

21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha)



Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go raibh Trump ag cur leis an teannas. Ionsaíodh cathracha eile fosta, lena n-áirítear Natanz, áit a bhfuil áiseanna núicléacha, agus Tabriz, áit a bhfuil bunáit aerfhórsa na hIaráine. D’ionsaigh fórsaí na hIaráine na cathracha Iosraelacha Tel Aviv agus Haifa le diúracáin agus dróin. D’fhág Trump cruinniú G7 i gCeanada go tobann, ach séanann sé go raibh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána idir an dá thír.

Beidh babhta réamhcheathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ag tarlú an deireadh seachtaine seo. Tá Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn i gcluiche mór an deireadh seachtaine. Tarraingíodh na cluichí ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon agus seo mar a tháinig siad amach: Dún na nGall v Lú, An Dún v Gaillimh, Ciarraí v An Cabhán, Baile Átha Cliath v Corcaigh. Beidh buntáiste baile ag Dún na nGall, An Dún, Baile Átha Cliath, agus Ciarraí, ós rud é gur tháinig siad sa dara háit ina ngrúpaí roimhe seo. Tá áit bainte amach ag buaiteoirí na ngrúpaí sin – Tír Eoghain, An Mhí, Muineachán, agus Ard Mhacha – sa bhabhta ceathrú ceannais cheana, agus beidh na foirne sin ag dul in iomaíocht le buaiteoirí na gcluichí an deireadh seachtaine seo.

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cáil níos fearr air mar an rapálaí Mo Chara as an ghrúpa Kneecap, os comhair na cúirte i Londain an tseachtain seo. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – deirtear gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo caite. Shéan sé na cúisimh ar fad. Deir Kneecap gur caitheadh an bhratach ar an stáitse agus go bhfuil na cúisimh ina n-iarracht an grúpa rapcheoil a chiúnú. Deir siad go bhfuil an dlí á úsáid chun bac a chur orthu ag taisteal agus ag labhairt. Tá Kneecap an-oscailte lena dtacaíocht don Phalaistín agus i gcoinne an chogaidh in Gaza. Bhí slua mór ag tacú leo taobh amuigh den chúirt i Londain Dé Céadaoin, agus ligeadh amach ar bannaí é. Déardaoin d'fhill siad ar Éirinn le haghaidh ceolchoirm mhór i bPáirc Fionnradhairc i mBaile Átha Cliath.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

áiseanna núicléacha - nuclear facilities

bunáit aerfhórsa - air force base

réamhcheathrú ceannais - preliminary quarter-final

ag dul in iomaíocht le - competing with

dlí frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism law

ar bannaí - on bail


Published on 1 week, 2 days ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate