Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
14 Meitheamh 2025 (An Clár)

14 Meitheamh 2025 (An Clár)



Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 14ú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Sheol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump comhaltaí de Gharda Náisiúnta agus de mhuirshaighdiúirí na tíre go Los Angeles an tseachtain seo chun dul i ngleic leis na hagóidí sa chathair. Dúirt Gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom, go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur chruthaigh sé níos mó fadhbanna sa chathair. Caitheadh buidéil agus clocha le póilíní, cuireadh cairr trí thine, agus scaoil na póilíní piléir rubair leis an slua. Thosnaigh an clampar mar fhrithghníomhnú in aghaidh na
n-oifigeach inimirce atá ag déanamh ruathar ar inimircigh nach bhfuil na cáipéisí cuí acu. De réir Newsom, bhí Trump ag iarraidh géarchéim a chruthú lena ordú agus nach raibh an t-údarás aige an Garda Náisiúnta a sheoladh go dtí an Stát. Gheall sé go
dtabharfadh sé cás in éadan an Uachtaráin. Tá ordú cuirfiú i bhfeidhm sa chathair anois thar oíche.

Ghabh forsaí míleata Iosrael seilbh ar ghníomhaithe ar son na Palaistíne agus a luamh an ‘Madleen’ amach ó chósta Gaza maidin Dé Luain. Bhí na gníomhaithe ag iarraidh soláthairtí bia agus leighis a thabhairt go dtí an Stráice agus aird an domhain
a tharraingt ar an ngorta atá ar siúl ansan fé láthair. Bhí an gníomhaí aeráide Greta Thunberg ar an mbád, mar aon leis an bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa, Rima Hassan. Ghabh na forsaí míleata seilbh ar an long in uiscí idirnáisiúnta, rud a cháin
Amnesty International go géar agus iad ag rá gur scrios forsaí Iosrael an dlí idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur ábhar náireach é agus go raibh an domhan iomlán ag thabhairt neamhaird ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza. Díbríodh Thunberg agus trí ghníomhaí eile thar n-ais chuig a dtíortha dúchais Dé Máirt; tá na gníomhaithe eile ag cur in aghaidh na n-orduithe díbeartha.

Tá an t-amhránaí agus cumadóir amhrán mór le rá Brian Wilson ar shlí na fírinne. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna ceoil, The Beach Boys, sna seascaidí agus bhí sé ina cheann feadhna ar an ngrúpa ó thaobh an cheoil de. Bhain The Beach
Boys cáil amach mar gheall ar a bhfoinn bhinne agus an nasc idir a gceol agus an cultúr surfála, rud atá le clos sna hamhráin ar nós “Surfin’ USA’, “Surfin’ Safari” agus “Surfer Girl”. Is é an t-albam “Pet Sounds” an ceirnín a bhfuil an cháil is mó air, agus,
de réir go leor daoine, is é an t-albam is fearr a taifeadadh riamh. D’fhulaing Wilson le fabhanna meabhairshláinte le linn a shaoil, agus de réir a chomhpháirtithe sa ghrúpa, mhéadaigh a úsáid drugaí, go háirithe LSD, a chuid fabhanna. Bhí blianta corracha aige sna seachtóidí agus sna hochtaidí, ach tháinig feabhas ar a shaol arís nuair a phós sé Melinda Ledbetter in 1995 agus chuaigh sé thar n-ais ar camchúirt. Fágann sé oidhreacht ollmhór ar an gceol agus ar an gcultúr den bhfichiú haois.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

muirshaighdiúirí - marines

frithghníomhú - reaction

luamh - yacht

soláthairtí bia agus leighis - provisions of food and medicine

ceann feadhna - leader

ar camchuairt - on tour


Published on 2 weeks, 2 days ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate