Episode Details

Back to Episodes
'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act

'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act

Published 1 year ago
Description

Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta. 


Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh. 


Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.  


Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh.  


Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú”  in Gaza. 


Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo. 

See omnystudio.com/listener for privacy information.

Listen Now

Love PodBriefly?

If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Support Us