Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
10 Bealtaine 2025 (Maigh Eo)

10 Bealtaine 2025 (Maigh Eo)



Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag de in 2014, agus cairdinéal de in 2023. Nuair a fógraíodh é tar éis an toghcháin, labhair sé in Iodáilís, in Spáinnís, agus i Laidin. Tá leid i rogha a ainm phápaigh go mbeidh an ceartas sóisialta ina théama tábhachtach dá phápacht. Tá cáil ar an bPápa Leo deireanach, a Trí Déag, as a imlitir Rerum Novarum, a chuir cearta an lucht oibre go lárnach i dteagasc na heaglaise Rómánaí.

Tá cluiche ceannais camógaíochta na Mumhan idir Corcaigh agus Port Láirge curtha siar ag Camógaíocht na Mumhan, mar tá an dá fhoireann ag diúltú scórtaí a chaitheamh. Bhi agóid eile faoin cheist an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d’fheistigh foirne Bhaile Átha Cliath agus Chill Cheannaigh chun cluiche ag caitheamh brístí gearra, acht bhí orthu na bristí gearra a athrú go scórtaí sular cuireadh tús leis an gcluiche. An babhta seo tá na himreoirí uilig go soiléir nach nglacfaidh siad leis na scórtaí in aon chur. Beidh comhdháil speisialta ag an gCumann Camógaíochta ar an dara lá is fiche den mhí seo, chun riail na scórtaí éigeantacha a phlé.

Bhuaigh Zhao Xintong craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield Dé Luain, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh. Bhuaigh sé ocht bhfráma dhéag in aghaidh a dó dhéag i gcoinne Mark Williams, iarchuradh ón mBreatain Bheag, sa chluiche ceannais; agus bhuaigh sé ar Ronnie O’Sullivan, duine de na himreoirí snúcair is fearr riamh, le seisiún le spáráil sa chluiche leathcheannais. Dar le máthair Zhao, toisc nach raibh sé ró-ard nuair a raibh sé ina ghasúr, bhí nós aige cleachtadh ag caitheamh scataí rollála, mar gheall ar na horlaí breise a thug siad dó.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ceartas sóisialta - social justice

imlitir - circular (letter)

scórtaí - skorts

Amharclann an Bhreogáin - the Crucible Theatre

iarchuradh - former champion

scataí rollála - roller skates


Published on 1 month, 2 weeks ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate