Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes

20250326_IRISH__dhareag_gafa_in_eirinn_agus_sa_spainn_faoi_choireacht_eagraithe





Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bu895q6

Contact: irishlingos@gmail.com

Twelve arrested in Ireland and Spain for organised crime.

Dháréag gafa in Éirinn agus sa Spáinn faoi choireacht eagraithe.

Twelve people have been arrested by the Gardaí in this country and by police in Spain as part of a coordinated investigation by Europol into international organised crime, particularly drug trafficking.

Tá dháréag gafa ag na Gardaí sa tír seo agus ag póilíní sa Spáinn mar chuid d’fhiosrúchan comhordaithe atá ar bun ag Europol faoi choireacht eagraithe idirnáisúnta, go háirithe gáinneáil ar dhrugaí.

Six were arrested in Ireland and six in Spain.

Gabhadh seisear in Éirinn agus seisear sa Spáinn.

The investigation concerns the trafficking of cocaine and heroin between the two countries in trucks.

Baineann an fiosrúchán le gáinneáil ar chócaon agus hearóin idir an dá thír i leoraithe.

The six men, aged between 30 and 60, were arrested in Ireland yesterday and have been questioned at various Garda stations in Dublin.

Arú inné a gabhadh an seisear in Éirinn, ar fir iad idir na tríochaidí agus na seascaidí, agus tá siad á gceistiú ó shin i stáisiúin Ghardaí éagsúla i mBaile Átha Cliath.

They can be kept for up to a week.

Is féidir iad a choinneáil ar feadh suas le seachtain.

At least one Irishman is among the men arrested in Spain.

Tá Éireannach amháin ar a laghad i measc na bhfear a gabhadh sa Spáinn.

It is understood that the men are linked to the crime gang known as ‘The Family’, which has replaced the Kinahans as the head of drug trafficking in the greater Dublin area and beyond.

Tuigtear go bhfuil baint ag na fir leis an drong coireachta dá ngairtear ‘The Family’ agus atá tagtha in áit lucht Kinahan i gceann na mangaireachta drugaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus níos faide amach.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


Published on 9 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate