Episode Details

Back to Episodes
What’s that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha

What’s that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha

Published 1 year, 3 months ago
Description
Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland’s Own’ agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach ag ceiliúradh Naomh Pádraig. Mar sin de, agus 17ú Márta ag teannadh linn, labhraíonn Seán Ó Murchadha, duine de scríbhneoirí na hirise, faoin bhéim a chuireann daoine ar fud fad na cruinne ar shloinnte gaelacha.

See omnystudio.com/listener for privacy information.

Listen Now

Love PodBriefly?

If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Support Us