Episode Details
Back to Episodes
The Twelfth: Tugann Ian Malcolm ar na traidisiúin a bhaineann leis
Published 1 year, 11 months ago
Description
Seo chugainn 'The Twelfth', lá mór na bProtastúnach ó thuaidh. Lá mór ceiliúrtha agus na máirseálacha. Ach, bíonn conspóid ann go minic de bharr na dtinte cnámha, íomhánna de pholaiteoirí náisiúnacha agus bratacha Éireannacha á gcur trí thine. Is traidisiún tábhachtach é seo do dhílseoirí ach an 'free-pass' é don seicteachas? Labhraíonn Seachtain leis an Dr Ian Malcolm, aontachtóir a bhfuil an-tuiscint agus an-bhá aige ar thraidisiún an 12ú lá. Láithreoir: Ciarán Dunbar Foclóir: Cath – battle Níos tuisceanaí - more understanding Déistin - digust Barraíocht - too much Mí-iompar – bad behaviour Seicteach - sectarian Ag scríobadh na spéire - scrapping the sky Agóid - protest Dearfach - positive Tinte cnámha - bonfires Dílseoirí - loyalists Scáthán - mirror Go deimhin – indeed
See omnystudio.com/listener for privacy information.