Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain)

1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain)


Episode 1


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.


Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tháinig níos mó na dhá chéad daoine le chéile ag Páirc an Chrócaigh inné chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Mhoslamach Eid. Cuireadh Páirc an Chrócaigh ar fáil ionas go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm le linn na seirbhíse urnaí. I mbliana tagann Eid ag aimsir seanfhéile Gaelaí, Lúnasa. In ómós na hocáide sin, tá Camino Mhacha ar siúl i gContae Ard Mhacha. Tá daoine ag siúl ó Thí Chulainn sa Mhullach Bán go dtí Eamhain Mhacha, mar a shiúil Cú Chulainn é féin fadó fadó. Tá súil ag na siúlóirí go mbaileoidh siad airgead ar son Aonaigh Mhacha, lárionad Gaelach nua i gCathair Ard Mhacha.

I Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaíonn go ndearna cintóir gnéis Jeffrey Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil. Deirtear sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean. Chuir Epstein lámh ina bhás féin anuraidh ach anois tá a iarpháirtí Ghislaine Maxwell ag fanacht le triail sna Stáit Aontaithe.

Fuair stiúrthóir scannán Sasanach Alan Parker bás inné. Bhí clú agus cáil air mar dhéantóir scannán éagsúil ar nós Midnight Express, Fame, The Commitments, agus Bugsy Malone. Le linn a shaoil bhain Parker a lán duaiseanna agus gradam, sé Ghradam Oscar san áireamh. Bhí sé sé bliana is seachtó d’aois.


Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.


Published on 4 years, 10 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate