Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
22 Lúnasa 2020 (Dún na nGall)

22 Lúnasa 2020 (Dún na nGall)


Episode 4


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.


Inniu an dara lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Tá na céadta míle duine ar stailc ar shráideanna na Bealarúise le hagóid a dhéanamh in aghaidh atoghcháin an Uachtaráin Lukashenko. Goineadh na céadta agóideoirí, fuair beirt bás, agus cuirtear 6,700 duine faoi ghlas, le tuairiscí ar chrá ó na poilíní. Dé Luain, rinne an lucht oibre trasnaíl ar an Uachtarán Lukashenko nuair a thug sé cuairt ar mhonarcha. Bhuaigh Lukashenko an toghchán le hochtó faoin chéad den vótáil, agus é i réim le sé bliana is fiche anuas. Deir an tUachtarán go bhfuil fórsaí idirnáisiúnta taobh thiar de na hagóidí.

In Éirinn, tá na scoileanna ag ullmhú chun pilleadh ar áis i ndiaidh coicíse, agus iad ag insealbhú áiseanna díghalráin agus ag déanamh an riachtanais chun na daltaí a scaradh óna gcéile. Ghlaoigh úrlabhraí an Luchta Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, ar an tAire Oideachais Norma Foley ceisteanna a fhreagairt os comhair an Oireachtais, as siocair na heaspa chomhairle ón rialtas. Tá €375 milliún curtha ar fhuilleamh ag an Rialtas le cuidiú a thabhairt do scoileanna athruithe a dhéanamh agus le costais ghlantacháin agus dhíghalráin a íoc.

Agus anois, nuacht an dúlra: bhí míolta le feiceáil ní i bhfad ó chósta Chorca Dhuibhne i gCo Chiarraí. Chonacthas suas le dhá mhíol mór dronnach déag agus míolta móra eile a bhí ar thóir salán. Agus i gCorcaigh, ba thonnta drithleacha a bhí ann nuair a tháinig planctóin bhithlonracha. Nuair a bhris na tonnta ar an chladach, tháinig solas gorm ó na planctóin, radharc álainn de réir na daoine a bhí ann.


Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.


Published on 4 years, 4 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate