Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
5 Meán Fómhair 2020 (Tiobraid Árann)

5 Meán Fómhair 2020 (Tiobraid Árann)



Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

Ar an gCéadaoin, sheol Cumann Lúthchleas Gael sraith chuimhneacháin d’íospartaigh Dhomhnach na Fola 1920. Beidh comórtha céad bliain na tragóide, ina maraíodh ceithre dhuine dhéag ag cluiche peile i bPáirc an Chrócaigh, ar an gcéad lá is fiche de mhí na Samhna. Roimh an lá beidh réimse ábhar á foilsiú ag díriú ar an scéal agus saoil na n-íospartach, podchraoladh, sraith scannáin agus comhoibriú l’Amharclann na Mainistreach san áireamh. Ar an lá beidh searmanas cuimhneacháin i bPáirc an Chrócaigh agus “críochnú an chluiche” idir Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath.

*

I rith na seachtaine, fógraíodh liosta na n-ainmneacha stoirme don séasúr stoirme 2020/2021. An séasúr seo tá dhá ainm Gaeilge ar an liosta; Oscar agus Saidhbhín. Déanann Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Mheitéareolaíochta na hÍsiltíre an liosta a shocrú le chéile. Agus an liosta á chruthú, tógtar moltaí ón phobail agus déantar iarracht ainmneacha ó na trí náisiún a roghnú. Ainmnítear na stoirmeacha in ord aibítre, mar sin beidh drochaimsir i ndán dúinn má táimid chun Oscar agus Saidhbhín a fheiceáil.

*

Chuaigh David Blaine ar eitilt thar an gaineamhleach Arizona an tseachtain seo, ach in áit eitleáin, d’úsáid se balúin. Dá eachtra nua darbh ainm “Ascension” chuaigh an cluanaire súl cáiliúil níos mó ná ceithre mhíle is fiche troigh san aer, ag coinneáil grúpa balún héiliam amháin. Bhí sé ag eitilt ar feadh tríocha nóiméad agus bhí an eachtra iomlán le feiceáil beo ar Youtube.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cuimhneachán - commemoration

íospartach - victim

Domhnach na Fola - Bloody Sunday

gaineamhlach - (sandy) desert

cluanaire súl - illusionist


Published on 4 years, 9 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate