Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes

20240517_IRISH_90_puball_eile_curtha_suas_le_taobh_na_canalach_moire





Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26pwb4ph

Contact: irishlingos@gmail.com

Another 90 tents have been put up by the side of the Grand Canal.

90 puball eile curtha suas le taobh na Canálach Móire.

International asylum seekers have set up over 90 tents by the side of the Grand Canal between Baggot Street Bridge and Wilton Place in central Dublin.

Tá os cionn 90 puball curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le taobh na Canálach Móire idir Droichead Shráid Bhagóid agus Plás Wilton i lár Bhaile Átha Cliath.

Tents have been being put up in the area for a few weeks by men from abroad who have applied for asylum in Ireland but the State cannot afford to provide them with accommodation.

Tá pubaill á gcur suas sa cheantar le cúpla seachtain ag fir ó thar lear a bhfuil iarrtas ar thearmann in Éirinn déanta acu ach nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Stát lóistín a chur ar fáil dóibh.

Applications for asylum are made at the International Protection Office on Lower Mount Street, a few hundred meters north of the Grand Canal.

Is san Oifig um Chosaint Idirnáisúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach, cúpla céad méadar ó thuaidh ón gCanáil Mhór, a dhéantar iarratas ar thearmann.

Tents had been erected outside the office and in other places along the canal closer to the office for a few weeks, but the authorities cleared them out of their way and barriers were erected in those places to prevent them from being erected again.

Bhí pubaill curtha suas lasmuigh den oifig agus in ionaid eile le hais na canálach níos gaire don oifig le cúpla seachtain, ach ghlan na húdaráis as a mbealach iad agus cuireadh bacainní suas sna háiteanna sin le nach bhféadfaí iad a chur suas arís.

It seems, however, that the men and their tents are being pushed back further.

Dealraíonn sé nach bhfuil ann, áfach, ach go bhfuil na fir agus a bpubaill á mbrú siar tuilleadh.

Taoiseach Simon Harris said today that he wants to tackle the issue compassionately, but also sensibly.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu gur mian leis dul i ngleic leis an gceist go trócaireach, ach go ciallmhar freisin.

Speaking on RTÉ, he indicated that the asylum system in Ireland was not in line with what is in place in other member states of the European Union and said that this had to be corrected.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug sé le fios nach raibh an córas tearmainn in Éirinn ag teacht lena bhfuil i bhfeidhm i mballstáit eile an Aontaigh Eorpaigh agus dúirt go gcaithfí é sin a chur ina cheart.

The current system has the capacity to accept 3,500 people a year, said Simon Harris.

Tá sé d’acmhainn ag an gcóras atá ann faoi láthair glacadh le 3,500 duine sa bhliain, arsa Simon Harris.

It is believed, however, that between 26,000 and 30,000 asylum seekers could come to this country this year.

Táthar á thuairimiú, ámh, go bhféadfadh idir 26,000 agus 30,000 iarrthóir tearmainn teacht chun na tíre seo i mbliana.

The issue was discussed at a heated meeting of the Fianna Fáil parliamentary party last night, where Finance Minister M


Published on 1 year, 7 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate