Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes

20240429_IRISH_’nios_mo_imirceach_ag_teacht_isteach_sa_stat_on_tuaisceart’





Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ckbeh2s

Contact: irishlingos@gmail.com

The Minister for Foreign Affairs, Tánaiste Micheál Martin, has indicated that it is clear that more immigrants have been coming into the State from Northern Ireland for some time because they fear that they will be deported from the United Kingdom.

'Níos mó imirceach ag teacht isteach sa Stát ón Tuaisceart'.

Legislation was passed in Britain this week under which asylum seekers can be deported from the country and sent to Rwanda in eastern Africa, although there is no chance that the new policy will be implemented for another few months at the earliest.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, gur léir go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad.

The aim of the policy is to prevent migrants from arriving in Britain in small boats from France.

Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice, cé nach bhfuil aon seans ann go gcuirfear an polasaí nua i bhfeidhm go ceann cúpla mí eile ar a thúisce.

According to the Tánaiste some of the migrants who land in the south of England from France, have started to face Northern Ireland and then come into the Republic because the new legislation in Britain has passed put in them.

Is é is aidhm don pholasaí imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc.

Despite what Micheál Martin said, a spokesperson from the British Government indicated that it is too early to say what the result of the new legislation would be.

Dar leis an Tánaiste go bhfuil cuid de na himircigh a thagann i dtír i ndeisceart Shasana ón bhFrainc, go bhfuil siad tosaithe ag tabhairt aghaidh ar Thuaisceart Éireann agus ag teacht isteach sa Phoblacht ina dhiaidh sin mar go bhfuil an reachtaíocht nua sa Bhreatain tar éis scéin a chur iontu.

Earlier this week, Justice Minister Helen McEntee said that the number of migrants coming into the State from Northern Ireland had increased by over 80%.

In ainneoin a ndúirt Micheál Martin, thug urlabhraí ó Rialtas na Breataine le fios go bhfuil sé róluath le rá cén toradh a bheas ar an reachtaíocht nua.

Yesterday, Taoiseach Simon Harris said that he believes that new legislation must be introduced in relation to people seeking asylum in this country who have already been granted asylum in the United Kingdom.

Níos túisce an tseachtain seo, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go raibh ardú os cionn 80 faoin gcéad tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann.

RTÉ News and Current Affairs

Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris go gcreideann sé go gcaithfear reachtaíocht nua a thabhairt isteach maidir le daoine a lorgaíonn tearmann sa tír seo ar tugadh tearmann dóibh sa Ríocht Aontaithe cheana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


Published on 1 year, 8 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate