Episode 38
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 17ú lá de mhí Aibreáin. Is mise Oisín Mac Conamhna.
D’oscail na siopaí neamhriachtanacha i Sasana an tseachtain seo, agus d’oscail siopaí bearbóra agus a leithéid, agus bialanna agus tithe tábhairne d’fhreastal lasmuigh faoin aer chomh maith. Beidh Tuaisceart na hÉireann ag leanúint an tseachtain seo chugainn. Tá líon na gcásanna, daoine san ospidéal, nó ag fáil báis ag titim go socair, agus an feachtas vacsaínithe ar siúl.
Tá moill fhada curtha ar phróiséas saoránachta Éireannaí an Dr. Qiu Fangzhe, de bhunadh na Síne, mar chuir sé a iarratas isteach i nGaeilge. Ní raibh cóip bhog den fhoirm le fáil ar líne. D’iarr agus fuair sé ceann crua sa phost, acht nuair a líon sé isteach agus a sheol sé ar ais í, bhí sé ag fanacht ar feadh sé mhí, go dtí gur iarr an Roinn Dlí agus Cirt air an t-iarratas a aistriú go Béarla agus a athdhéanamh ar líne. Dhiúltaigh an Dr. Qiu leis sin mar tá sé de cheart ag gach duine an t-iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Tá sé fós ag fanacht ar fhoirmeacha nua i nGaeilge ón Roinn.
Tá tuama mór dúnta ón gCré-umhaois, nó níos luaithe, aimsithe ar leathinis an Daingin. Tháinig tochaltóir air faoin talamh agus glaodh ar na seandálaithe go díreach. Dúirt siad nach raibh aon chur isteach ar an tuama, agus mar gheall air sin, bhí sé go hannamh agus suimiúil. Dúirt siad go raibh tréithe uathúla ag an tuama, a rinne é ní ba shuimiúla fós. Bhí cloch shnasta agus cnámhacha istigh ann.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
siopaí neamhriachtanacha - non-essential shops
feachtas vacsaínithe - vaccination campaign
moill - delay
saoránacht - citizenship
an Chré-umhaois - the Bronze Age
seandálaithe - archaeologists
Published on 3 years, 8 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate