Episode 191
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 2017, agus faoi láthair tá sé i gceannas ar an gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath, in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas. Ag labhairt dó ón fhoirgneamh rialtais i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt an tUasal Varadkar go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothroime agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar gur bhain a chinneadh le cúrsaí poilitiúla, ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh. Tá an chuma air go mbeidh Simon Harris ina chomharba ar Varadkar, an t-aon iarrthóir ainmnithe don ról ag am an taifeadta.
Beidh feabhsú ar an gheilleagar sa Ríocht Aontaithe i mbliana, a dúirt Rishi Sunak ar an BBC i ndiaidh nuacht gur thit an boilsciú go dtí an leibhéal is ísle le beagnach dhá bhliain go leith. "Tá muid timpeall coirneáil i ndiaidh imní na mblianta atá caite,” a dúirt sé. Thit an boilsciú go 3.4% an mhí seo caite mar agus moill tagtha ar ardú ar phraghsanna bia. Ach d'ainneoin arduithe praghais ag moilliú ar an iomlán, lean praghsanna tithíochta agus breosla ag ardú go gasta ar fad. Faoi agallamh ag an BBC, dúirt an Príomh-aire go bhfuil feabhsú ag teacht ar chursaí. D’admhaigh an tUasal Sunak go raibh droch-chuma go fóill ar an scéal do dhaoine, ach d’áitigh sé go raibh rathúlacht eacnamaíoch na Ríochta Aontaithe ag athrú i ndiaidh damáiste a bheith déanta uirthi le blianta beaga anuas ag paindéim Covid agus de dheasca borradh fuinnimh agus praghsanna bia mar gheall ar an chogadh san Úcráin. Agus é á bhrú ar chostais árachais soghluaiste, leathanbhanda agus gluaisteáin ag ardú, d'admhaigh an tUasal Sunak go raibh "dúshláin" go fóill ann, ach d'áitigh go raibh an Ríocht Aontaithe "in áit i bhfad níos fearr ná mar a bhí muid nuair a tháinig mé isteach mar Phríomh-aire. Is é an jab atá agam ná a chinntiú go bhfuil muid ag cuidiú, agus sin a dhéanann ár gciorruithe cánach,” a dúirt sé.
Tá €200,000 á thairiscint ag Coimisiún na Meán chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar an conradh orthu chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh “feabhas” ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa. Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid. Déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”, agus ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála.” Deirtear go mbeidh béim ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge chomh maith agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla. I measc na réimsí eile a ndéanfar scagadh orthu, beidh an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais agus an soláthar Gaeilge do dhaoine óga. Cuirfear an t-athbhreithniú i gcrích i dtrí chéim thar thréimhse naoi mí. Sa chéad chéim déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meáin. Ansin reáchtálfar pobalbhreith sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtacht agus ábharthacht na meán Gae
Published on 9 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate