Episode 34
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an fichiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh
Tá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh bille nua conspóideach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar cheart saoránach agóid a dhéanamh. Clúdaíonn an Bille Póilíní, Coireachta, Pianbhreithe, agus Cúirteanna 2021 réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú ceartais agus póilíneachta. Ceann de na bearta a mholtar ná nár cheart d’agóidí a bheith ina núis phoiblí. D’ardaigh roinnt dlíodóirí um chearta an duine, gníomhaithe agus baill den fhreasúra agóidí i gcoinne an bhille, ag rá go dtugann an reachtaíocht an iomarca cumhachta do phóilíní agóid dhlisteanach a stopadh.
Ainmníodh scannán beoite ón stiúideo Cartoon Saloon atá lonnaithe i gCill Ceannach don ghradam ‘Scannán Beoite is Fearr’ ag na 2021 Oscars. Is é Wolfwalkers (a bhí faoi stiúir Tomm Moor agus Ross Stewart) an ceathrú scannán a rinne an stiuideo atá ainmnithe sa chatagóir seo. Baineann an scéal le sealgaire óg agus a hathair a théann go hÉirinn chun an ceann deireaneach de na mic tíre a dhíothú faoi orduithe ó Oliver Cromwell. Críochnaíonn an scannán triológ bhéaloidis an stiúideo a thosaigh le The Secret of Kells agus a lean ar aghaidh le Song of the Sea.
D’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach a céad bhreithiúnas riamh trí Ghaeilge an tseachtain seo. Tar éis beagnach 50 bliain sa bhloc trádála, níor ghlac an chúirt ach a céad chás Gaeilge i mí Eanáir agus bhí an rialú eisithe acu ar Lá Fhéile Pádraig. Bhain an cás leis an nGaeilge freisin: theastaigh Peadar Mac Fhlannchadha ó Ghaillimh lipéadú dátheangach a fheiceáil ar leigheas d’ainmhithe. Tá stádas oifigiúil ag an nGaeilge mar theanga chonartha den Aontas Eorpach ó 1973 agus teanga oibre de ó 2007. Bhreithnigh an chúirt gur chóir go mbeadh lipéadú teanga Éireannach ar tháirgí tréidliachta a dhíoltar in Éirinn.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
agóid - protest, objection
an freasúra - the opposition (politics)
scannán beoite - animated film
sealgaire - hunter
teanga chonartha - treaty language
teanga oibre - working language
Published on 3 years, 9 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate