Episode 139
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i gcuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil. De réir an taighde, dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse de 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte.
Tá drisiúr leathan dearg ón 19ú céad a bhí le feiceáil sa chistin i dteach Phadraig sa scannán The Banshees of Inisherin , i measc na dtroscán a bheidh ar díol ón scannán ag ceant d’earraí dúchasacha atá á reáchtáil ag an chomhlacht ceantála Adam’s i mBaile Átha Cliath. €3,000 – €4,000 atá luaite leis an drisiúr dearg ó scannán Martin McDonagh agus é ar cheann de na hearraí is daoire sa cheant ag muintir Adam’s a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Tá dhá phictiúr tírdhreacha ‘le tithe sa stíl shoineanta’ a bhí crochta i dteach Choilm ar díol chomh maith. Beidh an ceant ar siúl ar an 12ú Aibrean, agus beidh troscán is feisteas tí, ealaíona, earraí ceardaíochta is criadóireachta ar díol ann chomh maith le hearraí eile a shantaíonn bailitheoirí.
Tá tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach do chuid dá chomhaontú nua Brexit le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP. Dúirt Rúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris go raibh coscán Stormont “ar cheann de na hathruithe is suntasaí” sa phlean don réigiún – “athrú láidir a thugann cros don Riocht Aontaithe ar ailíniú dinimiciúil le rialacha an Aontais Eorpaigh”. Ach dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí, agus dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht”. Agus dúirt ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, nach féidir leis gealltanas a thabhairt dá pháirtí “na hinstitiúidí polaitiúla a athbhunú” i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an socrú.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
mionchaint - small talk
beannachtaí - greetings
drisiúr - dresser
ceant - auction
ailíniú dinimiciúil - dynamic alignment
frithfhreagairt - backlash
Published on 1 year, 9 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate