Episode 133
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil 13.5 milliún daoine atá buailte ag an tubaiste. Tá na hoibrithe tarrthála ag déanamh a ndícheall chun an oiread daoine agus is féidir a shábháil. Tá an aimsir fuar, le sneachta ar an talamh agus tá easpa tithe agus foirgneamh te sábháilte ann do na daoine a tháinig slán. Meastar go bhfuil cúrsaí nios measa fós i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an chogaíocht ansin.
Thug Volodymyr Zelensky cuairt ar an Bhreatain an tseachtain seo. Ba í an chéad chuairt ar an tír ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain ó shin. Bhuail sé le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak agus ghlac sé an deis le linn a óráide os comhair pharlaimint na Breataine iarratas a dhéanamh ar eitleáin chogaidh. Duirt sé, “Ní saoirse go sciatháin”. D'fhógair Downing Street Déardaoin nach dtabharfaidís eitleáin chogaidh don Úcráin dá gcuirfeadh sin an Ríocht Aontaithe i mbaol. Ag an am céanna tá fórsaí na Rúise ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh in oirthear na hÚcráine, agus ag teilgean diúracán ar gach oblast sa tír.
Tá Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londáin i ndiaidh rialú go bhfuil Prótacal an Tuiscirt “dleathach”. Ghlac Ceannaire an TUV Jim Allister agus Aontachtaithe mór le rá eile an cás chuig an Chúirt, agus iad ag argóint nach bhfuil an prótacal ag teacht le hAcht an Aontais ná le Comhaontú Aoine an Chéasta, cé nach raibh an DUP i bhfabhar an Chomhaontaithe nuair a síníodh é cúig bliana is fiche ó shin. Ní raibh aon ghlacadh ag an Chúirt leis an mhaíomh sin agus go bhfuil an chumhacht ag Rialtas na Breataine an prótacal a chur i bhfeidhm. In ainneoin rialú na Cúirte, dúirt na ceannairí Aontachtacha gur cruthaíodh go raibh an ceart acu.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
crith talún - earthquake
cogaíocht - warfare
eitleáin chogaidh - warplanes
sciatháin - wings
Cúirt Uachtarach - Supreme Court
maíomh - claim
Published on 1 year, 10 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate