Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann)

19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann)


Episode 21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Tháinig níos mó ná trí chéad buachaill abhaile go sábhailte inné, seachtain tar éis dóibh a bheith fuadaithe óna scoil sa Nigéir. Tháinig na buachaillí ar bus go Katsina, áit ina bhuail siad le hUachtarán na Nigéire Muhammadu Bahari. Tharla an fuadach ar an aonú lá déag de mhí na Nollag, i rith ionsaí ar a scoil sa bhaile Kankara. Bhí a n-éide scoile á gcaitheamh fós ag roinnt de na buachaillí is a shiúil siad ón mbus chun an tUachtarán a fheiceáil agus scrúdú sláinte a fháil. Bhí áthas an domhain ar na buachaillí agus a dtuismitheoirí freisin, a bheith aontaithe arís. Dúirt máthair amháin go raibh sí “ag caoineadh deora áthais” is a chonaic sí a mac arís. Deir oifigigh stáit gur fhuadaigh ropairí áitiúla na páistí agus tháinig scaoileadh na bhuachaillí trí idirbheartaíocht, ní tríd an íocaíocht a bhí á lorg ag na ropairí. Scaoileadh trí chéad is daichead a ceathair bhuachaill, ach ar an drochuair tá roinnt buachaillí fós ar iarraidh.

Fuair Joanne Hayes agus a muintir leithscéal ón stát Dé hAoine níos mó na cúig bliana is tríocha tar éis dúnmharú a bheith curtha i leith Hayes. Tháinig an leithscéal mar chuid de chás damáistí a thóg Joanne Hayes, a deirfiúr agus a beirt deartháireacha tar éis a ngabhálacha in naoi déag ochtó ceathair. Fuarthas ráiteas freisin ag rá go raibh gach éagóir curtha ina leith i rith an cháis, ar a dtugtar “The Kerry Babies Tribunal”, chomh maith lena gceistiú, gabháil, cúiseamh agus ionchúiseamh, mícheart agus gan bhunús. Gabhadh Joanne Hayes in naoi déag ochtó a ceathair agus í cúig bliana is fiche d'aois nuair a tháinig na Gardaí ar chorp leanbh ar thrá i gContae Chiarraí, cúig chiliméadar is seachtó óna baile in Abbeydorney. Cúpla seachtain roimhe, bhí leanbh ag Joanne Hayes, a fuair bás agus cuireadh faoin talamh ar fheirm a teaghlaigh. Dhiúltaigh na Gardaí an fheirm a chuardú agus fiú nuair a fuarthas fianaise go raibh a leanbh adhlactha ann lean siad leis an gcúiseamh dúnmharú. Ní raibh Joanne Hayes ag an gcúirt ach i ráiteas a thug a dlíodóir ar a son, dúirt sí go raibh sí i ndóchas go dtabharfaidh an toradh clabhsúr agus suaimhneas dá clann. D’iarr sí freisin go dtabharfaidh na meáin meas dóibh leis an scéal mothálach.

D’iarr an tOllamh Philip Nolan ó NPHET ar mhuintir na hÉireann cúram eisceachtúil a ghlacadh thar na laethanta atá le teacht agus an tréimhse Nollag agus laghdú ar ghníomhaíochtaí sóisialta a thosú anois. Mhol sé ar dhaoine a bpleananna don Nollaig a athsmaoiniú agus príomhthosaíocht a chur ar na rudaí is tábhachtaí amháin. Mhol NPHET roinnt gníomhaíochtaí don rialtas le chur in iúl díreach tar éis na Nollag le smacht a fháil arís ar an ngalar. D’iarr an tOllamh Nolan ar dhaoine smaoineamh ar an tionchar a mbeidh ar na seirbhisí sláinte, oideachais agus cúram leanaí i mí Eanáir mar thoradh de na gníomhaíochtaí i rith na tréimhse seo. Dúirt sé go bhfuil nasc idir an ardú cásanna agus athoscailt na mbialann agus na dtithe tábhairne. Duirt Liz Canavan, Ard-Runaí Cúnta ag Roinn an Taoisigh go bhfuil laghdú srianta ag tarlú ag an am céanna is a bhfuil pictiúir an víreas ag eirí níos measa agus “tá orainn freagairt dó sin.” Duirt sí go nglacfaidh an rialtas moltaí NPHET agus go dtiocfaidh cinneadh agus ráiteas faoi céard a tharlóidh tar éis na Nollag go luath. Ón Aoine tá taisteal idir-chontae ceadaithe agus tá cead ag daoine ó trí theach bualadh le chéile go dtí an séú lá de mhí Eanáir, ach, bunaithe ar ardú cásanna, seans go mbogfaidh an rialtas an dáta sin roimh an Athbhliain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fuadach - kidnapping

ropairí - robbers, bandits

deora áthais - tears of joy

dúnmharú - murder

gabháil -arrest

cúiseamh - accusation




Published on 4 years, 6 months ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate