Episode 131
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Tá cinneadh déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an Rúis ionsaí toinne diúracán ar 35 foirgneamh san Úcráin, inar maraíodh 11 duine agus gortaíodh 11 duine, dar leis an tseirbhís éigeandála stáit. Ó chuir an Rúis tús leis an ionradh i mí Feabhra anuraidh, tá trealamh míleata tugtha don Úcráin ag níos mó ná 30 tír.
Rugadh ar bheirt phríosúnach a bhí ar a dteitheadh ó Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann agus iad ar saoradh sealadach ón phríosún. Gabhadh Alison McDonagh, atá 49 bliain d’aois, and agus Stephen McParland, 54 bliain d’aois, i gceantar an Iúir tráthnóna Déardaoin. B’é Stáisiún Traenach Lanyon Place i mBéal Feirste an áit dheireanach inar chonacthas iad sular imigh siad tráthnóna Dé Sathairn. De réir na Roinne Dlí, bhí McDonagh ar scéim réamhshaortha agus bhí McParland ar thástáil réamhshaortha. Is dúnmharfóirí ciontaithe an bheirt acu. Fuarthas McDonagh ciontach sa bhliain 2006 (dhá mhíle is a sé) agus cuireadh McParland i bpríosún in 1998.
Tháinig dea-scéal as Los Angeles le linn na seachtaine, nuair a ainmníodh aisteoirí, scannáin, stiúrthóirí Éireannacha do ghradaim Oscar. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil an deis seo aige, agus é ainmnithe sa chatagóir don phríomhscannán idirnáisiúnta is fearr. Dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad, agus léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi gur “lá dár saol” a bhí ann agus gur mór an onóir é. Fuair an scannán 'The Banshees of Inisherin' naoi n-ainmniúchán:scannán is fearr, stiúrthóir is fearr agus bunscript scannáin is fearr; aisteoir is fearr, agus aisteoirí tacaíochta is fearr. Tá ‘An Irish Goodbye’, scannán ó Thuaisceart Éireann, ainmnithe sa chatagóir don Gearrscannán Beo-Aicsin is fearr.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
diúracán - missile
trealamh míleata - military equipment
saoradh - release
dúnmharfóirí ciontaithe - convicted murderers
bunscript scannáin - original screenplay
gearrscannán beo-aicsin - live-action short film
Published on 1 year, 11 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate