Episode 130
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithniú neamhspleách ar an chéad deich bPlean Teanga Gaeltachta i mbliana. Leanfar an obair seo obair a rinne an t-iarAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers. Dúirt O'Donovan gur baineadh go leor amach i dtaobh na reachtaíochta in 2022 agus luaigh sé an conradh a aontaíodh le hOllscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin Phlean Náisiúnta atá le hullmhú i dtaca le seirbhísí poiblí i nGaeilge agus earcú cainteoirí Gaeilge sa státchóras. Ba mhúinteoir scoile é O'Donovan sula ndeachaigh sé leis an pholaitíocht, agus d'adhmháil sé go bhfuil a chuid Gaeilge beagnach caillte aige. Thug sé le fios ag am a cheapacháin go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na Nollag chun í a athfhoghlaim ach deir sé nach bhfuair sé an deis an turas sin a dhéanamh go fóill.
Tá an comhlacht idirnaisiúnta teicneolaíochta Microsoft chun 11,000 duine a chur chun bealaigh i mbabhta iomarcaíochta go luath. Scaoilfear i bhfad níos mó daoine ná a tharla i bpróiseas iomarcaíochta a bhí ag Microsoft riamh, agus síltear go bhfuil seans ann go mbeidh níos mó ciorruithe troma le teacht san earnáil teicneolaíochta. Faoi láthair tá thart fá 221,000 fostaí ag an chomhlacht, agus 3500 díobh fostaithe in Éirinn. Deirtear gurb iad postanna sa rannóg innealtóireachta agus i rannóg na n-acmhainní daonna na postanna atá i mbaol. Seo a tháinig i measc cailleadh postanna i gcomhlachtaí móra eile amhail Twitter, Amazon, Meta (an comhlacht ar leis Facebook), agus Snapchat. I gcás Twitter, ar cheannaigh Elon Musk ag deireadh 2022, briseadh 7500 duine as a bpost go díreach nuair a thosaigh Musk ina phost nua, agus d'éirigh cuid mhaith eile as a bpost in éadan beartais úra a tháinig isteach faoi Musk thart fán am céanna.
Bhí sceitímíní ar na mílte páiste scoile le linn na seachtaine nuair a bhí ar scoileanna i dTuaisceart Éireann dúnadh de réir mar a bhuail coinníollacha sneachta agus oighreata Tuaisceart Éireann ar feadh cúpla lá. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna san iarthuaisceart, bunscoileanna agus meánscoileanna i nDoire, i Léim an Mhadaidh agus ar an Srath Bán ina measc. Dúirt na póilíní go raibh coinníollacha tiomána contúirteach ar fud Thuaisceart Éireann mar gheall ar an sneachta agus na teochtaí reo. Síníodh an rabhadh buí aimsire le haghaidh sneachta agus oighir ar feadh cúpla lá, agus bhí an comhlacht taistil Translink ag comhairliú do phaisinéirí go gcuirfí isteach ar sheirbhísí ar fud Thuaisceart Éireann.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
pobal na hUltaise - the Ulster Scots community
athbhreithniú neamhspleách - independent review
próiseas iomarcaíochta - redundancy process
ciorruithe troma - heavy cuts
coinníollacha tiomána - driving conditions
rabhadh buí aimsire - yellow weather warning
Published on 1 year, 11 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate