Episode 127
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Nollag, Oíche Chinn Bliana 2022. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tuairiscíodh níos mó básanna i Meiriceá Thuaidh de bharr síobadh sneachta trom. Maraíodh ar a laghad 60 duine in ocht stát mar gheall ar an ‘gcioclón buama’ ag deireadh seachtaine na Nollag agus fágadh na mílte teach gan leictreachas. Tá na coinníollacha i gcuid de na réigiúin is measa ag dul i bhfeabhas ach tá ullmhúcháin á ndéanamh ar eagla go mbeidh tuilte ann. De réir réamhaisnéisí, beidh an cioclón buama ina chúis le haimsir fhliuch ghaofar sa Bhreatain agus in Éirinn, agus táthar ag súil le roinnt tuilte agus cur isteach ar thaisteal ar an taobh seo den Aigéan Atlantach freisin.
D’eisíodh an líon is airde riamh pasanna Éireannacha in aon bhliain amháin, agus 1,080,000 tugtha amach in 2022 (ag briseadh an iar-churiarracht de 935,000 pasanna in 2019). Mar a bhí an cás le blianta beaga anuas, tháinig líon suntasach iarratas ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain. Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin, gur de thoradh díreach ar éileamh carntha mar gheall ar an gcur isteach ar thaisteal in 2020 agus 2021, a bhí an líon neamhghnách iarratas ann i mbliana. Lasmuigh d’iarratais ó Éirinn agus ón mBreatain, tháinig an líon is mó iarratas ar líne ó na tíortha seo a leanas: Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Ceanada, an Nua Shéalainn, an Fhrainc, an Spáinn, an Ghearmáin agus an Afraic Theas.
Tá Pelé, an peileadóir clúiteach Brasaíleach a bhuaigh Corn an Domhain trí huaire, tar éis bás a fháil. I mbliana, glacadh é go hOspidéal Israelita Albert Einstein in São Paolo mar go raibh ionfhabhtú riospráide air agus d’fhan sé ann go dtí a bhás ag 82 bhliain d’aois. Spreag bás Pelé ar an Déardaoin racht ollmhór mothúcháin ina thír dhúchais, agus polaiteoirí, daoine cáiliúla agus laochra spóirt ag teacht le chéile chun “rí peile na Brasaíle’ a cheiliúradh. Rugadh Pelé sa bhliain 1940 agus scóráil sé 1,279 gcúl le linn 1,363 chluiche mar imreoir proifisiúnta, éacht atá aitheanta mar churiarracht dhomhanda Guinness. Meastar go raibh foireann na Brasaíle in 1970 ar na foirne ab fhearr a bhí ann riamh agus go bhfuil íomhá na ngeansaithe buí íocónach i stair spórt an domhain.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
síobadh sneachta - blizzard
cioclón buama - bomb cyclone
iar-churiarracht - previous record
cur isteach - interruption
ionfhabhtú riospráide - respiratory infection
geansaithe buí - yellow jerseys
Published on 2 years ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate